Toradh citris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Torthaí citris éagsúla

Is éard atá i gceist leis na torthaí citris ná torthaí na bplandaí den ghéineas Citrus san fhine úd Rutaceae. Torthaí citris iad an t-oráiste, an líomóid, an líoma, an tseadóg, an pomaló, an ciotrón, an táinséirín agus a lán eile. Le fírinne, is hibridí iad an chuid is mó de na torthaí citris a bhíonn á saothrú le haghaidh trádála, agus bhí na saineolaithe féin an-mhall ag teacht isteach ar rangú na gcineálacha éagsúla. Bíonn boladh cumhra as na torthaí seo, agus sú maith folláin iontu a bhfuil a lán vitimín C (aigéad ascorbach) ann. Os a choinne sin, tá a lán aigéad citreach i sú na dtorthaí seo fosta, rud a chiallaíonn gur féidir dó damáiste a dhéanamh do na fiacla.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile