Bláth (planda)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bláthanna

Is éard is bláth ann ná an struchtúr atáirgthe a fhaightear i bplandaí bláthanna (plandaí sa roinn Magnoliophyta, ar a dtugtar freisin na hangaispeirmeacha). Is í feidhm bhitheolaíochta an bhlátha ná idirghabháil a dhéanamh ar aontas na speirme fireann le hubhán baineann chun síolta a tháirgeadh. Tosaíonn an próiseas le pailniú, leantar é le toirchiú, as a dtagann foirmiú agus scaipeadh na síolta. Maidir leis na bplandaí níos uaisle, is iad na síolta an chéad ghlúin eile, agus feidhmíonn siad mar an phríomh bhealach le haghaidh na n-aonán de chuid speicis a scaipeadh ar fud an tírdhreacha. Tugtar an bláthra ar ghrúpáil na mbláthanna ar an bplanda..