Muintir na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá 6 mhilliún duine in Éirinn (Gaeilge: Muintir na hÉireann, na hÉireannaigh, na Gaeil) Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Alba, agus ar bhonn níos lú, as Sasana.

Is Caitlicigh formhór (os cionn 70%) an daonra. Is Protastúnaigh formhór na coda eile, beagán níos mó ná leath na ndaoine in Ulaidh, agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe Preispitéirigh agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na hÉireann. Féach ar an alt Creideamh in Éirinn le tuilleadh sonraí).