Derek Nolan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Gaillimh Thiar é Derek Nolan (Gaeilge: Ó Nualláin) (rugadh é Deireadh Fómhair, 1982). Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus ina TD ó thoghchán na bliana 2011. Bhuaigh Nolan suíochán ar Chomhairle Chathair na Gaillimhe i Meitheamh na bliana 2009. Ainmníodh é i gcomharbacht ar Mhícheál D. Ó hUiginn, iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre don uachtaránacht, sa toghchán do Dháil Éireann agus tháinig sé sa chéad áit i gceantar na Gaillimhe Thiar ar an gcéad iarracht dó.

Tagairtí[athraigh | edit source]