Patrick O'Donovan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPatrick O'Donovan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Márta 1977
46 bliana d'aois
An Caisleán Nua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Contae Luimnigh

Minister of State for Tourism and Sport (en) Aistrigh
19 Bealtaine 2016 –
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Contae Luimnigh

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpatrickodonovan.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: podonovan Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael é Patrick O’DonovanPádraig Ó Donnabháin (a rugadh ar 21 Márta 1977).

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iarmhúinteoir scoile is ea é. Bhí O’Donovan ina bhall de Chomhairle Contae Luimnigh do thoghcheantar áitiúil an Chaisleáin Nua Thiar ó 2003 go 2011.[1][2]

Bhí sé ina Theachta Dála (TD), do dháilcheantar Luimnigh, ó 2011 go 2016, agus ansin do dháilcheantar Chontae Luimnigh ó 2016 ar aghaidh.

Bhí sé ina Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt ó 2016 go 2017.[1]

Bhí sé ina Aire Stáit um Sholáthar Poiblí, don Rialtas Follasach, agus don ríomh-Rialtas ó 2017 go 2020.[3]

Bhí sé ina Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí ó Iúil 2020 ar aghaidh.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 20 Nollaig 20222, ceapadh O’Donovan mar aire stáit Gaeltachta. Dúirt O’Donovan go ndúirt an Taoiseach Leo Varadkar leis go raibh “bronntanas na Nollag” aige dó, is é sin go raibh cúram na Gaeltachta á chur aige lena chúram mar aire stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí.

Bhí O’Donovan ar dhuine den 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc sa bhliain 2020 go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.[4] Ach nuair a ceapadh é mar aire stáit Gaeltachta a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige agus go raibh sé chun dul go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne le tús a chur le hathfhoghlaim na teanga.[5]

Cúrsaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Eanáir 2014, theastaigh uaidh "tougher controls on the use of open source internet browsers and payment systems".[6][7]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maireann sé i Móin Achaidh Ghae i Luimneach lena bhean Eileen agus a dtriúr páistí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Patrick O'Donovan". ElectionsIreland.org.
  2. "Patrick O'Donovan". Oireachtas Members Database.
  3. "Seán Kyne ar dhuine de cheathrar Gaeilgeoirí i measc airí stáit nua-ainmnithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
  4. "Patrick O’Donovan an chéad aire stáit Gaeltachta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
  5. Tuairisc (22 Nollaig 2022). "‘Bronntanas na Nollag gan choinne’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag súil le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  6. "O’Donovan calls for crackdown on internet browsers and payment systems which facilitate illegal activity". Fine Gael website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Eanáir 2014. Dáta rochtana: 30 Eanáir 2021.
  7. "Down with This Sort of Thing: TD Calls for Crackdown on “Open Source Browsers”". technology.ie.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]