Joe Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Higgins

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Bealtaine 1949
74 bliana d'aois
Lios Póil, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Páirtí Sóisialach

14 Iúil 2009 – 9 Márta 2011
Téarma parlaiminte: Seachtú Parlaimint na hEorpa


Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil


Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialach
Páirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinjoehiggins.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Joe Higgins

Is iarpholaiteoir Éireannach é Joe Higgins (Gaeilge: Seosamh Ó hUiginn). Rugadh é ar an 1 Bealtaine 1949. Ba é Higgins an t-aon Teachta Dála ón Pháirtí Sóisialach idir 1997 agus 2007. Chaill sé a shuíochán san olltoghchán sa bhliain 2007, ach bhí sé ina TD arís ó 2011 go dtí 2016.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i Lios Póil i gContae Chiarraí sa bhliain 1949. D'fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Chríostaí sa Daingean. I ndiaidh sin, thosaigh sé ag staidéar chun bheith ina shagart. Cuireadh go dtí coláiste cléireach i Minnesota sna Stáit Aontaithe san 1960í é mar chuid dá chuid oiliúna. Bhí agóidí frith-Chogadh Vitneaim agus an feachtas Chearta Sibhialta ar siúl ag an am agus bhí tionchar acu siúd ar a dhearcadh polaitiúil.

D'fhill sé go hÉirinn agus bhain sé céim amach sa Bhéarla agus sa Fhraincis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamall ag múineadh i scoileanna lárchathracha i mBaile Átha Cliath.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé isteach i bPáirtí an Lucht Oibre nuair a bhí sé mar mhac léinn agus bhí sé gníomhach sa Militant Tendency (An Claonadh Míleatach), grúpa den eite chlé sa pháirtí. Dibríodh Higgins agus daoine eile san Militant Tendency sa bhliain 1989. Bhunaigh siad Militant Labour ach thosaigh an páirtí ar úsáid a bhaint as an ainm "An Páirtí Sóisialach" sa bhliain 1996.

Toghadh Higgins mar bhall de Chomhairle Chontae Fhine Gall sa bhliain 1991 agus bhí sé ina bhall den Chomhairle go dtí 2004. Toghadh é mar Theachta Dála sa bhliain 1997 i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Toghadh arís é in Olltoghchán 2002.

BÁC 25-06-2004

Chaill sé a shuíochán sa bhliain 2007 ach d'éirigh leis é a bhuachan arís in Olltoghchán 2011, tar éis dó a bheith tofa mar Fheisire de chuid Pharlaimint na hEorpa ar son Bhaile Átha Cliath i 2009. Do thoghchán ginearálta 2011 tháinig aontas coiteann de chuid na heite clé, darbh ainm Comhghuaillíocht na hEite Clé Aontaithe le chéile le dul in iomaíocht leis na páirtithe eile.

Níor ghlac Higgins páirt san Olltoghchán 2016.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Chaith Higgins mí i bpríosún sa bhliain 2003 mar gheall ar agóidí i gcoinne táillí ar bhailiúchán bruscar tí.
  • Bhí Higgins gníomhach i gcónaí ar son chearta na n-inimirceach .

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]



Feisirí Pharlaimint na hEorpa do Bhaile Átha Cliath
Gabriel De Mhistéal | Proinsias De Rossa | Joe Higgins


Feisirí Pharlaimint na hEorpa do Phoblacht na hÉireann (2009-2014)
Liam Aighleart | Nessa Childers | Gabriel De Mhistéal | Proinsias De Rossa | Marian Harkin | Joe Higgins | Jim Higgins | Alan Kelly | Brian Mac Amhlaidh | Máiréad Nic Aonasa | Seán Ó Ceallaigh | Pádraig Ó Gallchóir