Éamon Mac Giollamóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eamon Gilmore)
Infotaula de personaÉamon Mac Giollamóir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Aibreán 1955
68 bliana d'aois
An Chealtrach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Tánaiste
9 Márta 2011 – 4 Iúil 2014
← Máire Ní ChochláinnJoan Burton →
An tAire Gnóthaí Eachtracha
9 Márta 2011 – 11 Iúil 2014
← Brian Ó ComhainCharles Flanagan →
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire

Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre
6 Meán Fómhair 2007 – 4 Iúil 2014
← Pádraic Ó CoinínJoan Burton →
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire

Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

24 Eanáir 2005 – 3 Deireadh Fómhair 2007
Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire

Teachta Dála
26 Meitheamh 1999 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 24 Eanáir 1999 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire

Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire

Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, ceardchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Suíomh gréasáingilmore.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: EamonGilmore Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach é Éamon Mac Giollamóir (Béarla: Eamon Gilmore)(24 Aibreán 1955 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre idir 2007 agus 2014. Is Teachta Dála é ar son Dhún Laoghaire sa Dáil ó 1989 agus sa bhliain 2011 ghlac sé ról an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha. D'fhógair sé ar an 26 Bealtaine 2014 go raibh ag éirí as a phost mar cheannaire an pháirtí agus go mbeadh sé ag éirí as ról an Tánaiste ar an 4 Iúil 2014 tar éis gur éirigh go dona lena pháirtí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Éamon Mac Giollamóir ar an 24 Aibreán 1955 sa Chealtrach, Contae na Gaillimhe. Fuair sé a chuid oideachais meánscoile i gColáiste Ghearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar chaith sé bliain mar Uachtarán Aontais na Mac Léinn. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn ó 1976 go 1978. Ag an am sin, bhí a ainm luaite le Sinn Féin Oifigiúil. Sa bhliain 1985, toghadh Mac Giollamóir mar chomhalta ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath. Toghadh é do Dháil Éireann den chéad uair ag olltoghchán na bliana 1989 agus atoghadh é ag gach olltoghchán ó shin i leith.

Idir 1994 agus 1997 ba Aire Stáit é ag Roinn na Mara. Ó 1992 ba bhall den Daonlathas Clé é go dtí gur nascadh an páirtí sin le Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1999. Nuair a d'éirigh Pat Rabbitte as ceannaireacht an pháirtí i mí Lúnasa 2007, d'fhógair Mac Giollamóir go mbeadh sé ina iarrthóir don cheannaireacht. Fuair sé tacaíocht fhorleathan taobh istigh den pháirtí agus fógraíodh ina cheannaire é d'aon ghuth ar an 6 Meán Fómhair gan ballóid ar bith.

Níór ghlac sé páirt in Olltoghchán 2016.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1] Alt ag suíomh an BBC

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]