Michael McNamara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Chontae an Chláir é Michael McNamara (Gaeilge: Mícheál Mac Conmara ) (rugadh é Márta, 1974 ). Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus ina TD ón mbliain 2011. Is abhcóide é agus tá seal caite aige leis na Náisiúin Aontaithe. Theip air ina iarracht neamhspleách ar bheith mar fheisire i bParlaimint na hEorpa sa bhliain 2009, sa toghchán do toghcheantar an iarthuaiscirt.