Niall Ó Donnghaile
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Niall Ó Donnghaile | |
|
Ard-Mhéara Bhéal Feirste
|
|
| In oifig 26 Bealtaine 2011-inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Pat Convery (SDLP) |
| Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
|
|
| Dáta breithe | 28 Bealtaine 1985 |
| Béal Feirste | |
| Páirtí | Sinn Féin |
| Suíomh gréasáin | Glór Mhic Airt, a bhlag féin |
Is polaiteoir Éireannach é Niall Ó Donnghaile, a rugadh agus a tógadh ar an Trá Ghearr, in oirthear Bhéal Feirste. Toghadh é ina Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste ar an 26 Bealtaine 2011, in aois 25 dó, rud a chiallaíonn gurb é an tArd-Mhéara is óige dá raibh ag an chathair riamh.[1]
[athraigh] Beathaisnéis
Rugadh Ó Donnghaile in oirthear Bhéal Feirste, agus fuair sé a chuid oideachais go léir trí mheán na Gaeilge, seachas san ollscoil, áit a ndearna sé céim sa pholaitíocht. Tá sé ina bhall de Shinn Féin ó bhí sé 16 bliain d'aois agus ina chomhairleoir cathrach ón bhliain 2011 i leith [2].
Ba ghníomhaithe poblachtacha iad tuismitheoirí Uí Dhonnghaile freisin, agus cuireadh sa phríosún iad le linn na dTrioblóidí.[3]