David Norris
| An Seanadóir David Norris | |
|
|
|
| In oifig 10 Márta 1987 - inniu |
|
|
|
|
| Dáta breithe | 1 Iúil 1944 |
| Leopoldville, Congó na Beilge | |
| Páirtí | Comhalta neamhspleách |
| Suíomh gréasáin | Senatordavidnorris.ie |
Is polaiteoir agus fear léinn é David Patrick Bernard Norris ( Gaeilge: Daithí Norris uaireanta) (1 Iúil, 1944 a rugadh é) atá mar sheanadóir i Seanad Éireann.
Rugadh i Leopoldville, Congó na Beilge é. Nuair a bhí sé óg, fuair a athair bás agus tháinig sé go Éirinn. Is ball d'Eaglais na hÉireann é agus is fear aerach é.
Clár ábhair |
Saol polaitiúil[athraigh]
Chaith David Norris na blianta ag troid ar son na cearta daonna, go háirithe cearta na homaighnéasach in Éirinn nuair a bhí an homaighnéasachas mídhleathach.
Toghchán uachtaránachta na hÉireann 2011[athraigh]
Chuir sé isteach ar ainmniúchán d' Uachtarántacht na hÉireann sa bhliain 2011 ach cáineadh a thuairimí ar ghnéas agus aois an toilithe.[1] Tuairiscíodh i mí Iúil 2011 gur scríobh David Norris litir ar pháipéar an tSeanaid sa bhliain 1997 chun trócaire a lorg dá chara, Ezra Nawi, a bhí os comhair na cúirte cúisithe as luí le buachaill faoi bhun aois an toilithe.[2] Ina dhiaidh seo d'éirigh Norris as an rás tar éis do chuid dá fhoireann toghchánaíochta éirí as a rólanna. Tháinig sé isteach sa rás arís áfach sular fógraíodh deireadh a bheith le hainmniúcháin, tar éis gur éirigh leis tacaíocht cheithre chomhairle chontae a fháil.
Cumann Seoirseach na hÉireann[athraigh]
Is gníomhaí ar son foirgneamh Seoirseacha é Norris agus ball de Chumann Seoirseach na hÉireann, agus tá cónaí air ar Shráid Sheoirse Mhór Thuaidh i mBaile Átha Cliath.[3]
Oideachas agus Gairmréim Acadúil[athraigh]
D'fhreastal Norris ar St. Andrew's College agus The High School. Uaidh sin lean sé ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide áit a raibh sé mar eagarthóir ar an iris liteartha ollscoile Icarus agus ar bhain sé scoláireacht bhunaidh amach ina chéim B.A. i Litríocht agus Teanga an Bhéarla. Léachtóir agus teagascóir ba ea é sa Choláiste ó 1968 go 1996. Scoláire de chuid James Joyce atá ann agus glacann sé páirt i gceiliúradh Bloomsday. Tá Eabhrais agus beagan Gaeilge aige.
(UTC)
Tagairtí[athraigh]
- ↑ Irish Independent - 31 Bealtaine 31 2011
- ↑ Litir a scríobh David Norris i 1997
- ↑ "Profile: David Norris". The Sunday Times. 28 Feabhra 2010. Faighte ar an 25 Deireadh Fómhair 2010. 2011
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |