Óstaí an Rí
|
Cumann Onórach Óstaí an Rí |
|
|---|---|
| Mana | Nolumus Mutari (ní aistreoidh sibh) |
| Bunaithe | 1541 |
| Láthair | Baile Átha Cliath, Éire |
| Seoladh | Sráid Henrietta, B.Á.C. 1 |
| Teileafón | +353 1 8744840 |
| Láithreán Gréasáin | http://www.kingsinns.ie/ |
Is í Cumann Onórach Óstaí an Rí an t-aon institiúid in Éirinn a bhfuil sé mar cumhacht aige céim Abhcóide Dlí a bhronnadh. Ní ghairtear chuig Barra na hÉireann ach iad sin a bhfuil an chéim seo acu.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Bhunaigh dlíodóirí i mBaile Átha Cliath cumman nua dóibh féin sa bhliain 1541. Thug Anraí VIII cead dóibh an cumann a bhunú. Comh maith leis sin thug sé seanmhainistir dóibh a dhún sé roimhe sin. Thug na dlíodóirí Óstán an Rí ar an gCumann mar ómós dó (d'athraigh an t-ainm de réir a chéile). D'Athbhunaigh Arthur Chichester an Cumann sa bhliain 1607.[1]
Bhí an Cumann suite ar Ché na nÓstaí go dtí deireadh na 18ú haois. Ba mhór dó bogadh ansin mar bhí na Ceithre Cúirteanna á thógáil ansin. Fuair an Cumann áit nua ag bharr Shráid Henrietta agus d'iarr na binseoirí ar James Gandon foirgneamh a dhearadh don cumann.[2] Thosaigh obair an thógail i 1800. Thóg an Cumann leabharlann idir 1826 agus 1832.[3]
[athraigh] Ballraíocht
Cuimsíonn an Cumann binseoirí, abhcóidí agus mic léinn.[4]
Tá scrúdaithe iontrála don cumann gach bliain.[5] Tá céim dlí formheasta nó dioplóma an Chumainn i Léinn Dlí riachtanach dóibh a bhfuil ag iarraidh na scrúdaithe a dhéanamh. Má éiríonn l'iarrthóir sna scrúdaithe seo, ligtear isteach sa Chumann é mar mhac léinn.
Déanann an mac léinn cúrsa ar feadh bliain nó dhá bhliain. Má éiríonn le mac léinn sa chúrsa seo, bronnadh céim Abhcóide Dlí air, agus gaireann an Príomh-Bhreitheamh chuig an Barra é.
Toghann na abhcóidí líon díobh mar binseoirí. Is binseoirí iad freisin breithiúna na Cúirte Uachtaraigh agus na hArd-Chúirte ar fad.[6]
[athraigh] An Scoil Dlí
Is é an príomh-ról atá ag an Cumann ná abhcóidí nua a oil, agus is í Scoil Dlí an Chumainn a dhéanann é sin. Is í an Scoil an institiúid oideachais dlí is sine in Éirinn. Is féidir le mic léinn an chúrsa gairmeach a dhéanamh i mbliain amháin nó ar feadh dhá bhliain. Ní cúrsa acadúil atá i gceist leis seo ach cúrsa praiticiúil don ghairm.
Tá cúrsa dlí acadúil ag an Scoil comh maith .i. an Dioplóma i Léinn Dlí. Is cúrsa é seo dóibh nach bhfuil céim dlí acu agus atá ag iarraidh an chúrsa gairmeach a dhénamh. Ligtear céimí ollscoile agus léinn aibí a bhfuil taithí ábhartha acu an cúrsa seo a dhéanamh. Maireann an cúrsa seo dhá bhliain.
Comh maith leis na cúrsaí thuas, bíonn cúrsaí eile ar siúl ag an Scoil do abhcóidí agus daoine eile ó am go ham.[7]
[athraigh] Cumann Díospóireachta Mhic Léinn Dlí na hÉireann
Is é Cumann Díospóireachta Mhic Léinn Dlí na hÉireann (CDMLDÉ) (Law Students Debating Society of Ireland / LSDSI)an t-aon cumann do mhic léinn in Óstaí an Rí. D'ainneoin a hainm, ní cumann díospóireacha amháin é. Eagraíonn sé comórtais bhréagchúirte agus díospóireachta comh maith le cúrsaí spóirt agus sóisialta na hÓstaí.
Bunaíodh an CDMLDÉ i 1830. De réir a bhunreacht, is baill de é gach mac léinn an Chumainn. Toghann na baill ceann díobh gach bliain chun a bheith ina reachtaire ar an CDMLDÉ. Ceapann an reachtaire coiste chun cabhrú leis an CDMLDÉ a eagraigh.
[athraigh] Baill Cháiliúla
[athraigh] Dlí
- Patrick Connolly, Ard-Aighne na hÉireann
- George Gavan Duffy, Aire Gnóthaí Eachtracha, Uachtarán na hArd-Chúirte
- Thomas Langlois Lefroy, Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, teachta parlaiminte
- Christopher Palles, breitheamh, abhcóide
- Harry Whelehan, Ard-Aighne na hÉireann
[athraigh] Gnó
- Dermot Gleeson, Ard-Aighne na hÉireann, cathaoirleach Allied Irish Banks
- Peter Sutherland, Ardstiúthóir An Eagraíocht Domhanda Tráchtála, Coimisinéir Eorpach, Ard-Aighne na hÉireann, cathaoirleach BP, cathaoirleach Goldman Sachs International
- Vivion de Valera, Teachta Dála, stiúrthóir bainistíochta Scéala Éireann
[athraigh] Polaitíocht
- Risteard Mac An Earraigh, Tánaiste, Aire Gnóthaí Eachtracha
- Seán de Briotún, Taoiseach, Ambasadóir an Aontais Eorpaigh do na Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Richard Burke, Aire Oideachais, Coimisinéir Eorpach
- Isaac Butt, bunaitheoir Léig an Rialtais Dúchais
- David Byrne, Coimisinéir Eorpach, Ard-Aighne na hÉireann
- Edward Carson, ceannaire Aontachtóireachta na hÉirinn, Aire Rialtas na Ríochta Aontaithe
- Arthur Chichester, Tiarna Ionadaí na hÉireann
- Dónall Ó Conaill, ceannaire Ghluaiseacht Fhuascailt na gCaitliceach, ceannaire ghluaiseachta in aghaidh Acht an Aontais
- Seán A. Mac Coisdealbha, Taoiseach
- Liam Mac Cosgair, Taoiseach
- Cearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann, Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
- Mícheál Mac Dubhghaill, Tánaiste, Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Ard-Aighne na hÉireann
- Charles Gavan Duffy, Príomh-Aire Victeoiria, An Astráil, bunaitheoir An Náisiún (The Nation)
- Cathal Ó hEochaidh, Taoiseach
- Gearóid Mac Gearailt, Taoiseach
- Henry Grattan, ceannaire freasúra d'Acht an Aontais
- Timothy Michael Healy, Seanascal Shaorstát Éireann
- Seán Ó Loingsigh, Taoiseach
- Brian Ó Luineacháin, Tánaiste, Aire Gnóthaí Eachtracha
- Brian Óg Ó Luineacháin, Aire Airgeadais
- Seán MacBride, Aire Gnóthaí Eachtracha
- Michael O'Kennedy, Aire Airgeadais, Coimisinéir Eorpach
- Seán Mac Réamainn, ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann
- Máire Mhic Róibín, Uachtarán na hÉireann, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna
- Caoimhín Ó hUiginn, Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle, Aire Dlí
[athraigh] Réabhlóidithe
- Robert Emmet, ceannaire éirí amach i 1803
- Pádraig Mac Piarais ceannaire Éirí Amach na Cásca i 1916
- Theobald Wolfe Tone ceannaire Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe i 1798
[athraigh] Spórt
- Michelle Smith de Bruin, snámhóir Oilimpeacha
[athraigh] Tagairtí
- ↑ http://www.jstor.org/pss/25513673
- ↑ http://www.kingsinns.ie/website/heritage/heritage.htm
- ↑ http://www.kingsinns.ie/website/heritage/architecture.htm
- ↑ http://www.courts.ie/courts.ie/library3.nsf/pagecurrent/13FB76CA47BD91D780257355005F4CF8?opendocument&l=ga
- ↑ http://www.kingsinns.ie/website/prospective_students/degree/degree.htm
- ↑ http://www.courts.ie/courts.ie/library3.nsf/pagecurrent/13FB76CA47BD91D780257355005F4CF8?opendocument&l=ga
- ↑ http://www.kingsinns.ie/website/prospective_students/prospective.htm
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Óstaí an Rí - Láithreán gréasáin oifigiúil (Béarla)
- Léirmheas Dlí Mhic Léinn Óstaí an Rí - Foilseachán an Chumainn (Béarla)