Ruairí Brugha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ruairí Brugha

Ba pholaiteoir Éireannach de chuid Fhianna Fáil é Ruairí Brugha (15 Feabhra, 191731 Eanáir, 2006). Mac le Cathal Brugha ab ea é, polaiteoir agus réabhlóidí poblachtach. Bhí sé pósta le Máire Nic Shuibhne-Brugha, iníon le Traolach Mac Suibhne, Méara Chorcaí a fuair bás tar éis stailc ocrais i 1920.

Saol[athraigh | edit source]

Chuaigh an Brughach i bhFianna Fáil, agus d'éirigh sé ina Theachta Dála do Bhaile Atha Cliath Theas i 1973. Bhí suim aige i gcúrsaí Eorpach, agus ba bhall é den chéad troscaireacht Éireannach go Parlaimint na hEorpa i 1977. Lean sé ar aghaidh níos déanaí mar uachtarán onórach ar an European Movement, Ireland. Ba bhall é de Sheanad Éireann sna 1980í.

Bás[athraigh | edit source]

Fuair an Brughach bás i mBaile Átha Cliath ar 31 Eanáir 2006, agus é 88 mbliana d'aois.