Seán Mac Réamainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó John Redmond)
Infotaula de personaSeán Mac Réamainn

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) John Redmond
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1856
Contae Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Márta 1918
61 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSt. John's Cemetery Wexford (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Nollaig 1910 – 6 Márta 1918 (bás in oifig)

Toghcheantar: Waterford City (en) Aistrigh

Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Eanáir 1910 – 28 Samhain 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Waterford City (en) Aistrigh

Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 10 Eanáir 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Waterford City (en) Aistrigh

Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Deireadh Fómhair 1900 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Waterford City (en) Aistrigh

Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
13 Iúil 1895 – 17 Meán Fómhair 1900 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Waterford City (en) Aistrigh

Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 1892 – 8 Iúil 1895 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Waterford City (en) Aistrigh

Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
23 Nollaig 1891 – 28 Meitheamh 1892 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Waterford City (en) Aistrigh

Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Iúil 1886 – 22 Deireadh Fómhair 1891 (éirí as)

Toghcheantar: North Wexford (en) Aistrigh

Ball den 23ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
24 Samhain 1885 – 26 Meitheamh 1886 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: North Wexford (en) Aistrigh

Ball den 22ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
31 Eanáir 1881 – 18 Samhain 1885 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Ros Mhic Thriúin

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Choill Chluana Gabhann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Parlaiminteach na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Teaghlach
PáisteWilliam Redmond Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Archer Redmond

Find a Grave: 6906338 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir Éireannach é Seán Éamonn Mac Réamainn (Béarla: John Edward Redmond) (1 Meán Fómhair, 18566 Márta, 1918), a bhí ina cheannaire ar an bPáirtí Parlaiminteach na hÉireann idir na blianta 1900 agus a bháis sa bhliain 1918.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Redmond i gContae Loch Garman. Ba theachtaí iad a athair William Archer Redmond agus a dheartháir William Hoey Kearney Redmond chomh maith.

Chaith Redmond a shaol ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn, ach chuir Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 agus fás Shinn Féin ina dhiaidh sin deireadh leis an iarracht.

Fiú sna sé chontae is fiche, tugadh an-tacaíocht don rialtas nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. Ó tharla gur bronnadh rialtas dúchais, cé go mbeadh moill air, mhol Mac Réamainn do gach duine tacú leis an chomhar cogaidh.

roimh 1905

Agus é ag tabhairt óráide ag an Droichead Adhmaid, Co. Chill Mhantáin, ar an 20 Meán Fómhair 1914, d'impigh Mac Réamainn ar na hÓglaigh liostáil le hArm na Breataine agus dul ag troid ar an Mór-Roinn.[1] D'iarr sé orthu sin a bhí i láthair a bheith fearúil agus an fód a sheasamh[2][3] ː

Droichead Adhmaid, Co. Chill Mhantáin

“Gabhaigí chuig cibé áit a bhfuil an líne thosaigh, leis an cheart, an tsaoirse agus an creideamh a chosaint sa chogadh seo. ”Bheadh a mhalairt d’iompar ina ábhar náire dár dtír go deo.”[4]

Chruthaigh tacaíocht Redmond don chogadh scoilt i ngluaiseacht na n-Óglach. Thaobhaigh tromlach na mball leis, agus thug siad na "hÓglaigh Náisiúnta" orthu féin. Choinnigh na baill a d’fhan sa bhaile an t-ainm Óglaigh na hÉireann agus bheadh ról tábhachtach acu in Éirí Amach na Cásca in 1916.

Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin. Níos déanaí, mhaígh John Redmond go mbeadh na hÓglaigh réidh le hÉirinn a chosaint. Ní raibh múinín ag an rialtas níos mó as, agus go háirithe saighdiúirí mar Kitchener.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "War, Rebellion and Redmond | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  2. “not only in Ireland itself, but wherever the firing line extends, in defence of right, of freedom and religion in this war”
  3. Department of Foreign Affairs. "Leacht Cuimhneacháin ar an gCéad Chogadh Domhanda Nochta ag an Aire - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  4. BBC. "Woodenbridge, Co Wicklow: Redmond Urges Irishmen To Fight". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-09-20.