Pionós an bháis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cesare Beccaria, Dei delitti e delle pene (Ar choireanna agus phionóis)

Is éard atá i gceist le pionós an bháismarú na ndaoine a bhfaightear ciontach as coireanna áirithe, trí próis bhreithiúnach. Tá stair an nóis seo ar fud an domhain ag dul i bhfad siar roimh thús na staire scríofa. Tá go leor conspóide ag baint leis anois, áfach. Is iomaí tír nach n-úsáideann pionós an bháis anois.

Dar le lucht tacaíochta an chleachtais, is pionós maith é agus díspreagann sé coireanna eile.

Pionós an bháis timpeall an domhain

Deir an lucht fhreasúra nach ceart pionós an bhás a ghearradh ar aon duine, nach mbíonn sé éifeachtach agus go maraítear daoine neamhchiontacha.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 25 Márta 1964, chuir an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1964 teorainn mhór ar phionós an bháis.[1]

Ón lá sin amach in Éirinn, ní dhlífear duine a chur chun báis mar gheall ar aon chion seachas

  • tréas, dúnmharú comhalta den Gharda Síochána, nó dúnmharú oifigigh phríosúin
  • nó dúnmharú arna dhéanamh, i gcúrsa, nó ag saothrú, ciona den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939
  • nó dúnmharú, arna dhéanamh laistigh den Stát chun tucaide polaitiúla ar chomhalta de rialtas Stáit choigríche.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1964" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-03-25.