Seosamh Pluincéad
File agus náisiúnaí Éireannach a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ba ea Seosamh Pluincéad (21 Samhain, 1887 – 4 Bealtaine, 1916), nó Joseph Mary Plunkett mar a thugtaí air as Béarla. Mac le George Noble Plunkett (an Cunta Pluincéad) ba ea é, a bhí gníomhach sa ghluaiseacht níos déanaí.
Tús a shaoil[athraigh]
Rugadh agus tógadh Seosamh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, ach chaith sé tamall freisin ag taisteal i dtuaisceart na hAfraice agus timpeall na Meánmhara. Bhí an-suim aige in oidhreacht agus i gcultúr na hÉireann, agus sa Ghaeilge go háirithe. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh Esperanto, an teanga idirnáisiúnta, acu. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, áit ar bhuail sé le Tomás Mac Donnchadha, file óg eile, agus mhair an cairdeas a bhí eatarthu go dtí deireadh a saolta.
Chuaigh Pluincéad isteach i mBráithreachas na Poblachta sa bhliain 1915, agus seoladh é go dtí an Ghearmáin chun cabhair a thabhairt do Ruairí Mac Easmainn a bhí ag iarraidh tacaíocht Ghearmánach a fháil chun éirí amach a chur ar siúl in Éirinn.
Éirí amach na Cásca[athraigh]
Ba é Pluincéad a chruthaigh beartaíocht na réabhlóidithe le haghaidh an éirí amach, agus bhí sé i measc na gceannairí a shínigh Forógra na Poblachta an 24 Aibreán. Thit sé tinn cúpla lá roimh an éirí amach, ach d'fhág sé a leaba chun páirt a ghlacadh san eachtra. Bhí sé le fáil in Ard-Oifig an Phoist, in éineacht le Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh. Ba é Micheál Ó Coileáin an aide de camp óg a bhí aige. Mar gheall ar an tinneas a bhí air, ní raibh Pluincéad in ann mórán a dheanamh i rith na seachtaine.
Bás[athraigh]
Ghéill na ceannaircaigh ar 29 Aibreán agus cuireadh Pluincéad i bPríosún Cill Mhaighneann. Daoradh chun báis é. Phós sé a chailín Grace Gifford sa phríosún, cúpla uair an chloig sular lámhachadh é. Ocht mbliana is fiche d'aois a bhí sé.
| Éirí Amach na Cásca |
||
| Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
|
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile |
||
| Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
|
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn |
||
| Éireannaigh mór le rá eile |
||
|
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
