Esperanto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Esperanto
(Esperanto)
Á labhairt: ar fud an domhain
Réigiún: -
Cainteoirí san Iomlán: Meastar tuairim is 2/3 milliún
Rang: (Ní sa chéad 100, ach in Esperanto atá an 22ú vicipéid is mó, le 128,000 alt.)
Líne ghinealaigh: Teanga shaorga a d'éirigh "nádúrtha"
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Náisiún ar bith, agus baineann roinnt grúpaí idirnáisiúnta feidhm aisti mar theanga oifigiúil
Foras Pleanála Teanga: Akademio de Esperanto (Acadamh Esperanto)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 eo
ISO 639-2 epo
ISO 639-3 epo
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha
Bratach Esperanto

Teanga idirnáisiúnta is ea an teanga Esperanto (baineann Gaeilgeoirí áirithe úsáid as an leagan Sprantais freisin). An chéad ainm a bhí ar an teanga ná Internacia Lingvo, "an teanga idirnáisiúnta", ach d'fhoilsigh Ludwik Zamenhof an chéad téacsleabhar faoin ainm cleite Doktoro Esperanto, "An Dochtúir Dóchasach", agus sa deireadh d'éirigh sé coitianta an t-ainm Esperanto a thabhairt ar an teanga féin. Is é is brí leis an ainm sin ná "duine dóchasach" (esper- "dóchas", -ant- = rangabháil na haimsire láithrí, agus -o = ainmfhocal). Dochtúir a bhí i Zamenhof a bhí an-bhuartha faoin dóigh a raibh na daoine ag baint na céille míchirte as focail a chéile, ó bhí siad leathdhall ar theangacha a chéile. D'fhás Zamenhof, ar Ghiúdach é féin, aníos i mBiałystok in Oirthear na Polainne, áit a labhraítí Giúdais, Rúisis, Bealarúisis agus Polainnis, agus é an-mheabhrach ar dheacrachtaí an ilteangachais mar sin. Leis an bhfadhb seo a leigheas, cheap sé an teanga Esperantp ag deireadh na naoú haoise déag. Ar an 26 Iúil 1887 a foilsíodh an chéad téacsleabhar Esperanto i Vársá sa Pholainn - cuid den Rúis san am sin, áfach.

Is í an teanga Esperanto an t-aon teanga bheo ar féidir a lá breithe a shocrú go cruinn, mar sin. Is é an rud a theastaigh ó Zamenhof go mbeadh teanga neodrach idirnáisiúnta ann chun an caidreamh idir na náisiúin a fheabhsú agus a dhéanamh níos fusa, agus go gcuirfí cainteoirí ó chúlraí teanga éagsúla ar chomhchéim. Athrú radacach a bhí i gceist aige: seachas an Béarla a bhrú ar lucht na Gaeilge i gcónaí, mar shampla, bheadh teanga neodrach a thabharfadh comhchearta do Bhéarlóirí is do Ghaeilgeoirí, agus mar sin chuirfí deireadh le brú na dteangacha móra ar na mionteangacha. An idirtheangeolaíocht a thugtar ar an mbrainse den teangeolaíocht a bhíonn ag plé leis an gcumarsáid idirnáisiúnta, is leis an teanga Esperanto go príomha.

Tá formhór na bhfocal sa teanga bunaithe ar an Laidin, ar an bhFraincis, ar an nGearmáinis agus ar an mBéarla, agus tá gramadach na teanga rialta go hiomlán. Tá córas cumtha focal na teanga bunaithe ar an táthú rialta, cosúil leis an Tuircis agus an Ungáiris. Is féidir na céadta mílte focal a chumadh le líon teoranta fréamhacha agus timpeall 40 réimír is iarmhír, is tá 17 míle fréamh san fhoclóir aonteangach Esperanto is mó, ar a dtugtar an PIV/"Plena Ilustrita Vortaro" - foilsíodh an leagan ba déanaí sa bhliain 2002.

Sampla

"Esperanto estas bela kaj facila lingvo - vi povos rapide lerni kaj ekuzi Esperanton, kun homoj el la tuta mondo."
(Teanga álainn éasca í an teanga Esperanto - is féidir leat Esperanto a fhoghlaim go tapa agus dul á húsáid le daoine as gach cearn den domhan.)

Is fusa i bhfad Esperanto a fhoglaim ná aon teanga bheo eile: is ionann mí Esperanto agus bliain Fraincise nó Gearmáinise. Is féidir le duine í a fhoghlaim ón idirlíon gan mhúinteoir, féach lernu.net. Thairis sin, chruthaigh sraith turgnamh ón mbliain 1921 i leith go gcabhraíonn gearrchúrsa Esperanto, timpeall 100 uair an chloig, leis an bhfoghlaimeoir teangacha eile a thógáil go tapa, féach anseo, tionscadal ina bhfuil Esperanto á múineadh i 5 scoil i Sasana is in Oileán Mhanann le dhá chuspóir: a) feasacht teanga a ardú; b) daltaí a ullmhú chun teangacha eile a fhoghlaim. Cothaíonn luas na foghlama in Esperanto féin-mhuinín na mac léinn, go háirithe sa tromlach nach bhfuil luí ar leith le teangacha acu. Is mór a d'fhéadfadh a leithéid cabhrú le múineadh na Gaeilge don 70% de dhaltaí bunscoile, dar le taighde John Harris, nach n-éiríonn leo aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Ghaeilge i láthair na huaire.

Meastar go bhfuil tuairim is dhá/trí mhilliún duine ag labhairt Esperanto ar fud an domhain inniu. Tugann cuardú an fhocail "Esperanto" ar google.com breis is 137 milliún nasc, agus tá isteach is amach le 196,000 alt sa leagan Esperanto de Vicipéid, líon a fhásann breis is 20,000 sa bhliain. Um Cháisc 1994 thosaigh an Pápa Eoin Pól II ag úsáid Esperanto i measc na dteangacha in URBI ET ORBI, agus leanann an Pápa Benedict den nós. D'aithin an Ungáir Esperanto mar "theanga bheo" sa bhliain 1995, agus anois tá sí ar an tríú teanga iasachta in "Ardteist" na hUngáire, le 7000-8000 mac léinn á tairiscint gach bliain.

Foilsítear leabhar nua Esperanto gach lá, is tá litríocht bheo ilghnéitheach agus ilnáisiúnta á scríobh inti ar fud an domhain - tá catalóg ar an idirlíon ag an Universala Esperanto-Asocio.

Litríocht[athraigh | edit source]

Bun-Litríocht[athraigh | edit source]

I samhradh an bliana 2008 d'fhoilsigh Mondial, Nua-Eabhrac leabhar 728 leathanach a thugann léiriú beag ar mhórshaibhreas na bunlitríochta Esperanto, "Concise Encylopedia of original Esperanto Literature 1887-2007" leis an Dr Geoffrey Sutton, féach [1].

Seo cuid de scríbhneoirí clasaiceacha Esperanto: Na filí Kalmán Kalocsay agus Julio Baghy ón Ungáir, William Auld ó Albain, Jorge Camacho ón Spáinn, Marjorie Boulton ó Shasana, Gaston Waringhien agus Raymond Schwarz ón bhFrainc, Leon Deij ón Ísiltír, Baldur Ragnarsson ón Íoslainn, Edmond Privat ón Eilvéis, Lajos Tárkony ón Ungáir; na húrscéalaithe agus gearrscéalaithe Trevor Steele ón Astráil, Spomenka Štimec ón gCróáit, Karolo Piĉ ó Phoblacht na Seice, John Francis ó Albain, Miguel Fernández ón Spáinn; na haistithe Fernando de Diego ón Spáinn, Eugene de Zilah ón Ungáir, Gaston Waringhien agus a lán eile.

Litríocht aistrithe[athraigh | edit source]

Tá togha litríocht an domhain aistrithe go hEsperanto agus, murab ionann is aistriúcháin go dtí na mórtheangacha, is iad na cainteoirí dúchais a aistríonn a gcuid litríochta féin go hEsperanto: Ungáirigh, mar shamhpla, a aistríonn litríocht na hUngáirise go hEsperanto, is ní Béarlóirí nó Frainciseoirí a d'fhoghlaim Ungáiris. Tá leagan spéisiúil de "Chúirt an Mheán-Oíche" aistrithe go hEsperanto ag an Ollannach ilteangach Albert Goodheir, mar shampla, chomh maith le cuid mhaith d'fhilíocht an Ríordánaigh, a d'aistrigh Meva Maron. D'aithin "PEN International" Esperanto mar theanga liteartha i 1993.

Is suntasach go raibh Esperanto ag beirt díobhsiúd a shínigh Forógra na Poblachta le linn Éirí Amach 1916: Séamus Ó Conghaile agus Joseph Mary Plunkett.

Craolann Raidió na Síne is Raidió na Polainne cláracha in Esperanto gach lá, is craolann tíortha eile mar an Vatacáin, an Iodáil, Cúba, an Eastóin cúpla uair sa tseachtain in Esperanto. D'oscail Leas-Phríomh-Aire na Slóváice, Dušan Čaplović, comhdháil faoi bheartas teanga na hEorpa i mBratislava an 24 Samhain 2006, a raibh Esperanto mar cheann de na 4 theanga oibre inti. Bíonn cruinniú éigin Esperanto ar siúl áit éigin sa domhan gach lá, ach is í an chomhdháil rialta is mó an UK/"Universala Kongreso", a thionóltar i dtír éagsúil gach bliain ag deireadh Iúil/tús Lúnasa, is a thugann 2-3,000 duine ó bhreis is 70 tír le chéile. I Firenze na hIodáile a bhí UK na bliana 2006, i Yokohamo na Seapáine i 2007, i Rotterdam i 2008, i mBialystok na Polainne i 2009 agus i Havána, Cúba i 2010. I Maribor na Slóivéine a bhí EEU-Kongreso (comhdháil d'eagrais náisiúnta Esperanto na 27 bhallstát san Aontas Eorpach) na bliana 2007. D'eagraigh EEU comhdháil faoin oideachas dátheangach agus ilteangach sa Bhruiséil i mí na Nollag 2008. I Herzberg am Harz na Gearmáine, a d'athraigh a hainm go hoifigiúil i 2006 go "Herzberg-die Esperanto-Stadt" (cathair Esperanto), a tionóladh EEU-Kongreso na bliana 2009, agus i nGaillimh a bheidh EEU-Kongreso na bliana 2012, i mí Iúil.

An tOllamh Probal Dasgupta, teangeolaí i gCalcutta na hIndia, atá mar uachtarán ar an UEA/"Universala Esperanto-Asocio", agus an Dr Seán Ó Riain [2], taidhleoir Éireannach sa Bhruiséil, atá mar uachtarán ar an EEU/"Europa Esperanto-Unio" [3]. Sa bhliain 2004 toghadh an chéad chainteoir líofa Esperanto go Parlaimint na hEorpa, an Polannach óg, Małgorzata Handzlik, agus atoghadh i 2009 í. Bhuail Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, an tOllamh Jerzy Buzek, le toscaireacht ó EEU an 13 Eanáir 2010.

"Ár nAthair" in Esperanto, mar atá le feiscint in Esperanto ar bhalla Iarúsailéim:

"Patro Nia
Patro Nia, kiu estas en la ĉielo,
Sangtigata estu via nomo;
Venu via regno,
Fariĝu via volo,
Kiel en la ĉielo, tiel ankaŭ sur la tero.
Nian panon ĉiutagan donu al ni hodiaŭ,
Kaj pardonu al ni niajn ŝuldojn,
Kiel ankaŭ ni pardonas al niaj ŝuldantoj;
Kaj ne konduku nin en tenton
Sed liberigu nin de la malbono.
Ĉar viaj estas la regno, la potenco kaj la gloro,
Dum la jarcento da jarcentoj. Amen."

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Esperanto
Vicipéid le fáil as Esperanto freisin