L. L. Zamenhof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
L. L. Zamenhof (1908)

Súil-lia agus focleolaí ab ea an Dr Ludwik Lejzer Zamenhof (Gaeilithe mar L.L.Samanóf) (15 Nollaig, 185914 Aibreán, 1917), a thionsnaigh an teanga idirnáisiúnta Esperanto, "teanga an dóchais".

Giúdach Polannach ab ea Zamenhof. An tsíorchoimhlint de dheasca míthuisceana bunaithe ar éagsúlacht na dteangacha ina chathair dhúchais, Bialystok, chuir sí isteach air go mór agus é ina pháiste óg. Cathair an-ilteangach ba ea Bialystok: de réir dhaonáireamh na bliana 1897, seo mar a bhí catagóirí an daonra: Giúdaigh 66%, Polannaigh 18%, Rúisigh 8%, Gearmánaigh 6%, Béalarúisigh 2%. Mar sin bhí cúig theanga le cloisteáil go laethúil sa chathair, nach raibh mórán thar 30,000 duine ina gcónaí inti an tráth sin.

Gairmréim[athraigh | edit source]

Esperanto[athraigh | edit source]

D'fhoilsigh Zamenhof an chéad leabhar (Unua Libro) ar Esperanto i gcathair Vársá na Polainne an 26 Iúil 1887. Chuir sé roimhe teanga neodrach, shofhoghlamtha a chur ar fáil, a chuirfeadh ar chumas daoine ó chúlraí teanga éagsúla labhairt go líofa ar bhonn an chothraim lena chéile,agus a dteangacha féin a choimeád agus a fhorbairt freisin. Éireannach darb ainm Richard Geoghegan a scríobh an leagan Béarla den Unua Libro. Óna chuid staidéir ar an mBéarla thuig sé nár ghá castachtaí gramadaí na Sean-Ghréigise nó na Rúisise chun teanga shaibhir, fhorbartha a chur ag feidhmiú. Tá timpeall 2-3 mhilliún duine ar fud an domhain a bhaineann feidhm as Esperanto. I leagan Esperanto den Vicipéid tá breis is 120,000 alt, rud a fhágann Esperanto sa 21ú háit as 270 teanga as líon alt a Vicipéide.

Teangacha Zamenhof[athraigh | edit source]

Giúdais a labhair a mháthair leis agus Rúisis a labhair a athair. As Rúisis a fuair sé a chuid oideachais. I litir an 8 Márta 1901 (chuig Th. Thorsteinsson) scríobh Zamenhof "Is í an Rúisis mo theanga dhúchais; ach anois is mó a labharaím Polainnis..." Polainnis a labhraíodh sé lena chlann féin sa bhaile. Is óg a d'fhoghlaim sé Gearmáinis agus Fraincis, an Eabhrais, agus ar scoil dhein sé staidéar ar Shean-Ghréigis, Laidin agus Béarla. Is cosuil go raibh breaceolas ar Spáinnis, Liotuáinis agus Volapuk aige. Dúirt sé féin gurbh iad Polainnis, Rúisis agus Gearmáinis na teangacha a bhí go líofa aige, is nach raibh sé chomh líofa as Fraincis. Is cosúil gur leagan Gearmáinise de "Hamlet" a d'úsáid sé chun Esperanto a chur ar dhráma cáiliúil Shakespeare.

Fealsúnacht Zamenhof[athraigh | edit source]

Chreid Zamenhof chomh daingean sa chomhthuiscint gur bhunaigh sé gluaiseacht "homaranismo", bunaithe ar an bhfocal homaro (an cine daonna) chun comhthréithe na bpríomhreiligiún a chur ar pháipéar agus meas a chothú orthu, gan cur isteach ar neamhspleáchas na reiligiún éagsúla. Mheas sé gur cheart do dhaoine a aithint gur daoine sa chéad áit iad, seachas Rúisigh, Gearmánaigh, Polannaigh, srl.

Stair a chlainne[athraigh | edit source]

Dhúnmharaigh na Naitsithe beirt iníon Zamenhof, Lidja agus Zofia, i gcampa báis Treblinka, agus lámhach siad mac Zamenhof, Adam, a bhí ag obair mar ollamh i nDámh an Leighis in Ollscoil Vársá. Cé go raibh glactha ag Lidja leis an gcreideamh Baha'ii, ba Ghiúdach fós í, ó thaobh cine, i súile na Naitseach. Chaith Lidja an-dúthracht le múineadh Esperanto thar lear, sa Fhrainc, sa tSualainn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar shampla. D'aistrigh sí a lán litríochta go hEsperanto, m.sh. an dá imleabhar de Quo Vadis ón mbun-Pholainnis.

Saothar litríochta Zamenhof[athraigh | edit source]

Is liosta le háireamh an méid bunlitríochta a chum Zamenhof in Esperanto, agus an méid de mhórlitríocht teangacha eile a d'aistrigh sé go hEsperanto. File Giúdaise agus Rúisise ab ea Zamenhof freisin. I measc na n-aistriúchán tá an Sean-Tiomna iomlán, Hamlet Shakespeare, agus go leor de shaothar Goethe, Heine, Schiller, Gogol, Dickens, Orzeszko, Hans Christian Andersen, srl.

Beathaisnéisí Zamenhof[athraigh | edit source]

Vivo de Zamenhof (Beatha Zamenhof), leis an taidhleoir Eilvéiseach, Edmond Privat, i 1920,an chéad bheathaisnéis (in Esperanto) a foilsíodh. Ar feadh i bhfad ba é Zamenhof, aŭtoro de Esperanto (Zamenhof, údar Esperanto), le hollamh le Béarla in Ollscoil Oxford, Marjorie Boulton, i 1962, an bheathaisnéis ba ghradamúla. As Fraincis tá an leabhar L'homme qui a défié Babel (An fear a thug dúshlán Baibéil) le René Centassi agus Henri Masson. Foilsíodh aistriúchán den leabhar sin i gcuid mhaith teangacha, ina measc Spáinnis agus Esperanto féin: La homo kiu defiis Babelon.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]