Charles Dickens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Charles Dickens
Charles Dickens 3.jpg
Dáta breithe 7 Feabhra 1812
  Portsmouth, Sasana
Dáta báis 9 Meitheamh 1870
  Higham, Kent, Sasana
Náisiúntacht Sasanach
Gairm Úrscéalaí

Ba é Charles John Huffam Dickens (7 Feabhra 1812 - 9 Meitheamh 1870) an scríbhneoir Béarla ba mhó le rá i ré an Victeoirianachais. Scríobhadh sé úrscéalta lán daoine as an ngnáth agus imeachtaí barrúla, agus é á bhfoilsiú i bhfoirm sraithe. Scríbhneoir mór-ráchairte a bhí ann lena linn féin, agus ní dheachaigh a chuid leabhar as cló riamh i ndiaidh a bháis ach an oiread.

Cuireadh Gaeilge ar dhá úrscéal le Dickens. Ba é Seán Mac Maoláin a d'aistrigh A Tale of Two Cities faoin teideal Scéal fá Dhá Chathair (is é sin, Scéal faoi Dhá Chathair sa Chaighdeán), agus chuir Seán Ó Ruadháin Gaeilge ar David Copperfield. Bhí Gaeilge Uladh ag aistritheoir an chéad leabhar acu, agus ba as Contae Mhaigh Eo don Ruadhánach, rud a chiallaíonn go bhfuil an dá aistriúchán Gaeilge difriúil go leor le chéile ó thaobh na canúna de.

[athraigh] A Shaol

Tháinig Charles Dickens chun saoil i Landport in aice le Portsmouth - is cuid de chathair Portsmouth inniu é. Bhí sé ar an dara duine ba sine den ochtar clainne dár saolaíodh dá thuismitheoirí. Bhí a athair, John Dickens, ag obair in oifig pá an chabhlaigh i bPortsmouth, agus Elizabeth Barrow a bhí ar a mháthair. Nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, d'aistrigh an teaghlach go Chatham i gKent, agus sa bhliain 1822, nuair a bhí deich mbliana slánaithe aige, shocraigh siad síos i gCamden Town.

Dealraíonn sé nach raibh sé in aon chruachás ina chéad óige, ach mar sin féin, ba nós leis a rá nár tugadh aire cheart dó nuair a bhí sé óg. Choinnigh sé cuimhne chruinn ar imeachtaí a óige, rud a cheadaigh dó cur síos inchreidte a thabhairt ar smaointí páistí ina chuid úrscéalta. Cé gur minic a bhíodh sé ag súgradh amuigh nuair a bhí sé óg, bhí sé tugtha don léitheoireacht freisin, go háirithe d'úrscéalta rógaireachta Henry Fielding agus Tobias Smollett. Bhí a thuismitheoirí ina suí go socair nuair a bhí sé ina bhuachaill bheag, rud a cheadaigh dó oideachas éigin a fháil i Scoil William Giles i Chatham.

Tháinig deireadh tobann leis an saol seo, áfach, nó ní raibh John Dickens in ann bainistí cheart a dhéanamh ar a chuid airgid. Fuarthas dócmhainneach é, agus cuireadh i mbraighdeanas é i bpríosún na bhféichiúnaithe i Marshalsea - san am sin, bhí sé coitianta téarma príosúnachta a ghearradh d'fhéichiúnaithe dócmhainneacha. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh an teaghlach go léir go Marshalsea freisin, ó nach raibh lóistín eile ar fáil - ba é Charles óg an t-aon duine acu nach ndeachaigh sa phríosún, ó bhí Elizabeth Roylance, cara de chuid an teaghlaigh, sásta dídean a thabhairt dó i gCamden Town. Chuaigh eachtra an phríosúin go mór i bhfeidhm ar Charles mar sin féin, agus bhain sé an-ghaisneas as na cuimhní seo sa chur síos a thug sé ar phríosún na bhféichiúnaithe ina úrscéal Little Dorrit.

Go gairid roimh chimiú a athar, áfach, thosaigh Charles ag obair i monarcha snasán bróg, Warren's Blacking Warehouse, i Hungerford Stairs, timpeall ar an áit a bhfuil stáisiún traenach Charing Cross inniu. Bhí sé ag saothrú sé scillinge an tseachtain ag greamú lipéid de phrócaí snasán bróg.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí