An Íoslainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Íoslainn
Ísland (is) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLofsöngur Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Inspired by Iceland» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósoighear Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 65°N 19°W / 65°N 19°W / 65; -19

PríomhchathairRéicivíc Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán364,260 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3.54 hab./km²
Teanga oifigiúilan Íoslainnis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnLiútarachas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Tuaisceart na hEorpa
Na Stáit Nordacha Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla103,004 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce2.7 % Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeHvannadalshnúkur (2,109 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Atlantach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKingdom of Iceland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Nollaig 1918
17 Meitheamh 1944:  (Founding of the Republic of Iceland (en) Aistrigh)
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hÍoslainne Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachAlþingi Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na hÍoslainne Cuir in eagar ar WikidataÓlafur Ragnar Grímsson (1996–2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na hÍoslainne Cuir in eagar ar WikidataKatrín Jakobsdóttir (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na hÍoslainne Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil25,552,639,899 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraKróna Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.is Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+354 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreIS Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSIS Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáiniceland.is Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír oileánach í an Íoslainn (Íoslainnis: Ísland), nó Inis Tuile, atá suite san Aigéan Atlantach. Is í Réicivíc an phríomhchathair agus an chathair is mó.

Is í an Alþingi parlaimint náisiúnta na hÍoslainne.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Íoslainn an t-ochtú hoileán déag is mó ar domhan, agus í suite san Aigéan Atlantach idir an Ghraonlainn, an Iorua, Éire, Albain agus Oileáin Fharó. Tá an Ciorcal Artach gar do oileán Grímsey lastuaidh d'oileán mór na hÍoslainne. Cuid den Eoraip is ea í fós, cé go bhfuil an tír scoite amach ón mhór-roinn.

Tundra is ea 62.7% den tír; lochanna agus oighearshruthanna is ea 14.3% di agus níl ach 23% di faoi fhásra.[1] Tá an cósta 4,970 ciliméadar ar fad agus mórán caolsáilí ann. Is ann atá formhór na ndaoine ina gcónaí, agus na sléibhte chomh fuar neamhthorthúil sin. Is iad na bailte is mó Réicivíc, Kópavogur, Hafnarfjörður, Reykjanesbær (mar a bhfuil an t-aerfort idirnáisiúnta), agus Akureyri. Tá daoine ina gcónaí ar oileán Grímsey, an chuid den tír is faide ó thuaidh.[2]

Tá ceithre pháirc náisiúnta ann: Jökulsárgljúfur, Skaftafell, Snæfellsjökull agus Þingvellir.

Achar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tír ar fad: 103,000 ciliméadar
  • Fásra: 23,805 ciliméadar
  • Lochanna: 2,757 ciliméadar
  • Oighearshruthanna: 11,922 ciliméadar
  • Talamh folamh: 64,538 ciliméadar[1]

Geolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Géasar Mór i ngleann Haukadalur

Tír óg í an Íoslainn ó thaobh na geolaíochta de, í suite ar bhall te na hÍoslainne agus ar an Droim Lár-Atlantach, rud a fhágann go bhfuil geolaíocht an oileáin an-bheo, agus a lán bolcán ann dá bharr, go háirithe Hekla, Eldgjá, Herðubreið agus Eldfell. Nuair a bhrúcht Hecla sna blianta 1783-1784 tháinig gorta a mharaigh beagnach an ceathrú cuid den daonra[3] agus a d'fhág smúit os cionn an chuid ba mhó den Eoraip agus os cionn cuid den Áise agus den Afraic freisin ar feadh roinnt míonna ina dhiaidh sin.

Dettifoss, an t-eas is treise san Eoraip, in oirthuaisceart na hÍoslainne

Tá a lán géasar san Íoslainn. Toisc nach deacair teacht ar chumacht gheotheirmeach agus go bhfuil hidrileictreachas le fáil gan dua ó aibhneacha agus ó easanna, ní mór an costas atá ag gabháil le téamh na dtithe.

Tá an chuid is mó den oileán déanta de bhasalt, laibhe gan mhórán silice; ach brúchtann a lán bolcán laibhí de shaghas eile, ar nós rialaíte agus aindéisíte.

Tá baint ag an Íoslainn le Surtsey, ceann de na hoileáin is úire ar domhan. Nocht sé de bharr brúchtanna bolcánacha idir 8 Samhain 1963 agus 5 Meitheamh 1968, agus ní théann ann ach eolaithe atá ag déanamh taighde ar fhás na beatha. Baisteadh an t-oileán as Surtr, arracht an chlaímh lasánta.[4]

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oighearshruth Eyjafjallajökull

Aeráid fhomholach atá ag an Íoslainn, agus bíonn rian Shruth te an Aigéin Atlantaigh Thuaidh uirthi. Is annamh a d'fheicfeá oighear in aice leis an gcósta.[5] Tríd is tríd, tá an cósta theas níos teo, níos fliche agus níos gaofaire ná an tuaisceart, agus tá ísleáin an tuaiscirt ar an gcuid is neamhthorthúla den tír. Is é lár sléibhtiúil na tíre an chuid is fuaire den Íoslainn.

Ba í an teocht ab airde a taifeadadh riamh 30.5 °C (86.9 °F) ar 22 Meitheamh 1939 ag Teigarhorn ar chósta an oirdheiscirt. Ba í an teocht ab ísle -38 °C (-36.4 °F) ar 22 Eanáir 1918 ag Grímsstaðir agus ag Möðrudalur san oirthuaisceart. Réicivíc: 26.2 °C (79.2 °F) ar 30 Iúil 2008, -24.5 °C (-12.1 °F) ar 21 Eanáir 1918.

Na réigiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réigiúin na hÍoslainne

Tá ocht réigiún san Íoslainn agus iad á n-úsáid i mbailiú na staitisticí. Orthu atá na postcheantair bunaithe freisin.

Plandaí agus ainmhithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caora Íoslannach

Is beag planda nó ainmhí a tháinig chun na hÍoslainne ó dheireadh na hoighearaoise 10,000 bliain ó shin. Tá eolas ar thuairim is 1,300 feithid ann, méid atá sách íseal le hais a bhfuil le fáil i dtíortha eile. Níl reiptílí ann, agus ní bhfuair na chéad daoine rompu ach sineach amháin, an madra rua Artach, ainmhí a bhain amach an Íoslainn thar an bhfarraige reoite i ndeireadh na hoighearoise.

Coillte beithe agus tundra is dual don Íoslainn, cé nach bhfuil fásra ar bith le fáil i dtrí cheathrú den tír; tá féar ann freisin agus é á ithe ag beithígh. Bhíodh coillte beithe (Betula pubescens) le fáil i gcuid mhaith den deisceart,[6] ach chuir daoine isteach go mór ar an bhfód éadrom bolcánach agus ar an mbeagán speiceas a bhí ann. Baineadh an-úsáid as na coillte le haghaidh breosla agus adhmad tógála, agus tharla creimeadh de bharr an dífhoraoisithe, rud a bhac ar athfhás na mbeithí. Anois níl ach roinnt bheag beithí ann, cé go ndearnadh coillte nua a chur agus crainn iasachta san áireamh.

Ar na hainmhithe atá le fáil san Íoslainn anois tá caoirigh, beithígh, cearca, gabhair agus capaill láidre dúchasacha. Is iomaí saghas éisc atá le fáil ann, agus iad ar bhreis is leath na n-easportálacha. Tá madraí rua ann, lucha, francaigh, coiníní, minceanna agus réinfhianna. Tagann béir bhána ó am go chéile agus cnoic oighir á n-iompar ón nGríonlainn. Tá éin go leor ann – faoileáin, fuipíní, meirligh mhara agus saidhbhéir. Tá míolta móra le feiceáil, agus iad á seilg mar bhia agus ar son an taighde.[7]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tionól an Alþingi ag Þingvellir – íomhá ón 19ú haois

An lonnú agus bunú an chomhlathais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig manaigh Éireannacha (Papar[8]) timpeall 870 AD; b'iad na céad daoine a chuir fúthu san Íoslainn is cosúil[9] ach níor thángthas ar aon iarsmaí seandálaíocha ina ndiaidh. Tháinig na Lochlannaigh chomh maith, dream a d’fhódaigh iad féin ann sa tréimhse 870-930. Thóg Ingólfur Arnarson teach ag Réicivíc sa bhliain 874,[10] agus lean Lochlannaigh eile é lena gcuid daor Éireannach. Faoin mbliain 930 bhí an chuid ba mhó den talamh torthúil sealbhaithe, agus bunaíodh an Tionól (Alþingi) mar bhunús Chomhlathas na hÍoslainne. Mhair an Comhlathas go dtí 1262, nuair a d’éirigh na taoisigh róláidir.

Ó na Meánaoiseanna go dtí an Nua-Aois Luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí achrann, aighneas agus troid ann nó gur síníodh an Sean-Chúnant, rud a thug an Íoslainn faoi smacht choróin na hIorua; nascadh ríochtaí na hIorua agus na Danmhairge sa chuid dheiridh den 14ú haois, agus d’fhan an Íoslainn faoi smacht na ríochta nua. Ina dhiaidh sin bhí an tír ar an trá fholamh: bhí na daoine ag brath ar an talmhaíocht, agus iad thíos le hithir neamhthorthúil, le brúchtanna bolcánacha agus le haeráid dhian.

Tháinig an phlá sna blianta 1402-1404 agus 1494-1495, agus cailleadh tuairim is leath an phobail gach uair.[11]

Rí Christian III na Danmhairge, timpeall 1550

Timpeall lár an 16ú haois thosaigh Rí Christian III na Danmhairge ag brú an Liútarachais ar na daoine: baineadh an ceann d’easpag deireanach na hÍoslainne agus de bheirt mhac leis sa bhliain 1550, agus rinneadh príomhchreideamh na tíre den Liútarachas.

Sa 17ú agus san 18ú haois chuir an Damhairg diansrianta le trádáil na hÍoslainne, agus rinne píoráidí ó Shasana, ón Spáinn agus ón Ailgéir na cóstaí a chreachadh.

léarscáil, 1783

San 18ú haois mharaigh an bholgach tuairim is an tríú cuid den phobal, agus sa bhliain 1783 bhrúcht bolcán darbh ainm Laki, rud ba chúis le breis is leath an eallaigh a mharú, le gorta mór agus le bás an ceathrú cuid den phobail nó mar sin, gan trácht ar smúit uafásach ar fud an domhain.

Jón Sigurðsson

Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1814, tar éis chogaí Napoléon, scar an Iorua agus an Danmhairg óna chéile, ach bhí an Íoslainn spleách ar an Danmhairg fós. Mar sin féin, tháinig gluaiseacht neamhspleáchais chun cinn faoi cheannas Jón Sigurðsson, gluaiseacht a bhí faoi anáil náisiúnaíochas rómánsach na hEorpa.

Cuireadh deireadh leis an ngéibheann réir a chéile Vistarband ag deireadh an 19ú haois.

Níor tugadh féinrialú don Íoslain go dtí an bhliain 1874, agus méadaíodh é sa bhliain 1904. Ar 1 Nollaig 1918 socraíodh leis an Danmhairg go mbeadh an Íoslainn ina stát neamhspleách faoi Choróin na Danmhairge. Faoin am sin bhí aghaidh ag neart Íoslannach ar Mheiriceá Thuaidh, go háirithe Ceanada; d’imigh timpeall 15,000 duine as pobal 70,000 sa chuid dheireanach den 19ú haois.[12]

Sa Dara Cogadh Domhanda d’fhógair an Íoslainn, ar nós na Danmhairge, go raibh sí neodrach. Nuair a rinne an Ghearmáin an Danmhairg a fhorghabháil ar 9 Aibreán 1940, dúirt parlaimint na hÍoslainne gur chóir do Rialtas na hÍoslainne údarás an Rí a ghlacadh chuici chun go bpléifeadh sé le gnóthaí eachtracha agus cúrsaí eile a mbíodh an Danmhairg ina mbun ar son na hÍoslainne. I gceann míosa ghabh fórsaí armtha na Breataine an tír, rud ab fhearr le mórán Íoslannach ná ionradh Gearmánach; sa bhliain 1941 tháinig fórsaí Meiriceánacha in ionad na Breataine, agus d’fhan siad ann mar arm forghabhála go ceann an Chogaidh.

gunna, bá Reykjavik, Lúnasa 1940

Tháinig deireadh leis an socrú idir an Íoslainn agus an Danmhairg sa bhliain 1943, agus an bhliain ina dhiaidh sin vótáil 95% den phobal ar son bunreachta phoblachtaigh. Rinneadh poblacht den tír go foirmiúil ar 17 Meitheamh 1944.

D’fhág na Meiriceánaigh an Íoslainn sa bhliain 1946; chuaigh an tír isteach in ECAT sa bhliain 1949, rud ba chúis le hagóidí; sa bhliain 1951 síníodh comhaontú cosanta leis na Stáit Aontaithe, tháinig saighdiúirí Meiriceánacha ar ais, agus níor imigh siad go dtí an bhliain 2006.

cabhair Marshall

Neartaigh an geilleagar i ndiaidh an Chogaidh, a bhuíochas sin ar thionsclú na iascaireachta, ar chabhair Marshall, agus (dar le mórán) ar threisiú na trádála de bharr pholasaithe Keynes. Sna seachtóidí rinne an Íoslainn a limistéar iascaireachta a fhairsingiú, rud a tharraing fearg na Breataine uirthi agus ba chúis le “hAighneas na dTrosc”. Fairsingíodh an geilleagar féin tar éis don Íoslainn dul sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach sa bhliain 1992, agus i gceann tamaill, sa bhliain 2003, beartaíodh ar scód a ligean le saothrú an airgeadais; bhí an-bhrabach le baint as seo, ach ba mhór an babhta ar na bancanna géarchéim eacnamaíoch na bliana 2008. Baineadh an bonn ón króna agus mhéadaigh an fiach náisiúnta nó go raibh sé ocht n-uaire níos mó ná an olltáirgeacht intíre.

Tá cánacha na hÍoslainne níos troma ná an meán san OECD, cé go bhfuil siad níos lú ná mar atá sna tíortha eile Nordacha[13][14] .Tá córas leasa shóisialaigh ann den saghas atá le fáil i dtíortha Lochlannacha eile, agus é ag soláthar cúram comhchoiteann sláinte agus meánoideachais atá saor in aisce.[15]

Sa bhliain 2017, mheas Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe gurbh í an Íoslainn an tír is forbartha ar domhan, as 151 tír a mheasadh.[16]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Katrin Jakobsdóttir, Príomh-Aire na hÍoslainne ó 2017

Bunaíodh an pharlaimint nua-aimseartha, an Alþingi sa bhliain 1845, ach athbhunú an tionóil a bhí ann sa bhliain 930 ba ea é i ndáiríre. Tá trí theachta is trí fichid sa rialtas sa lá atá inniu ann, agus toghtar iad gach ceathrú bliain. Is ceann stáit é an t-uachtarán, ach is é an príomh-Aire atá i gceannas ar an rialtas. De ghnáth, ní bhíonn aon pháirtí amháin ábalta rialtas a chruthú ina aonar, agus is minic comhrialtas ann.

Toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana freisin. Bhí an toghchán ba dhéanaí acu sa bhliain 2009, nuair a bhuaigh páirtí de chuid na heite chlé an toghchán de bharr mhí-éifeacht na bpáirtithe eile sa ghéarchéim eacnamaíochta.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Halldór Laxness

Tá roinnt scríbhneoirí rathúla ag an tír, mar shampla Halldór Laxness (é a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta i 1955), Guðmundur Kamban, Tómas Guðmundsson, Davíð Stefánsson, Jón Thoroddsen, Guðmundur G. Hagalín, Þórbergur Þórðarson agus Jóhannes úr Kötlum.

Taobh amuigh den tír féin, scríobh W. H. Auden agus Louis MacNeice na Letters From Iceland agus iad ag taisteal tríd an tír i 1937.

Sigur Rós

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceol traidisiúnta dá gcuid féin ag na hÍoslannaigh, go háirithe na rincí amhránaíochta: daoine ag rince i bhfáinne agus bailéid á rá acu. Inniu tá iomrá ar roinnt bannaí i gcúrsai rac-cheoil agus popcheoil: Sigur Rós, The Sugar Cubes, agus amhránaí an bhanna úd, Björk.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Suirbhé Náisiúnta Talún na hÍoslainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-02-07. Dáta rochtana: 2006-05-20.
  2. ""CIA factbook"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-18. Dáta rochtana: 2009-10-24.
  3. "Late Holocene climate". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-06-13. Dáta rochtana: 2009-07-20.
  4. Surtsey Volcano
  5. Climate, History and the Modern World; Lamb H., 1995, Longman Publ.
  6. Deirtear in Íslendingabók, cuntas le Ari Þorgilsson (1067–1148 AD) ar lonnaíocht na tíre: "Í þann tíþ Ísland viþi vaxit á miþli fiallz oc fiöro" (Ag an am sin bhí an Íoslainn faoi chrainn idir na sléibhte agus an trá): http://archive.org/details/slendingabkersk00smgoog.
  7. Marine Research Institute: Cetaceans
  8. "Papar" (as en) (2019-04-11). Wikipedia. 
  9. Maribel Fingado (2016-10-28). "Aistear na nGael,Mairéad Ní Mhaonaigh,Íoslainn,HD,Iceland,Irish,Viking,slaves,Norsemen,BBC,Altan". 
  10. "History of Medieval Greenland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-10-16. Dáta rochtana: 2009-07-20.
  11. 6th-10th century AD
  12. For Iceland, an exodus of workers, International Herald Tribune, December 5, 2008
  13. "Iceland Economy: Population, GDP, Inflation, Business, Trade, FDI, Corruption" (en). www.heritage.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-10. Dáta rochtana: 2019-01-28.
  14. "Tax - Tax revenue - OECD Data" (en). theOECD. Dáta rochtana: 2019-01-28.
  15. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-08-18. Dáta rochtana: 2009-07-20.
  16. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-28.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]