Ari Þorgilsson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba é Ari Þorgilsson (1067–1148 AD) an croinicí ba mhó cáil san Íoslainn sna meánaoiseanna. Eisean a scríobh Íslendingabók, leabhar a thugann cuntas ar shaol na muintreacha a chuir fúthu san Íoslainn. Ba ghnách Ari Saoi (Ari hinn fróði) a thabhairt air, agus eisean an duine is túisce a scríobh stair i Sean-Lochlainnis, más fíor do Snorri Sturluson.

Bhain Ari le muintir Haukdælir agus fuair sé a chuid scolaíochta ó Teitur Ísleifsson (mac Ísleifur Gissurarson, an chéad easpag de chuid na hÍoslainne) sa scoil in Haukadalur. Is ann a fuair sé léann clasaiceach. Is léir ónar scríobh sé go raibh an-eolas aige ar staraithe Laidine ach go raibh sé beachtaithe go maith i mbéaloideas na tíre chomh maith.

Creidtear go ndearnadh sagart Críostaí d’Ari in Staður (a dtugtar Staðastaður air anois). Is beag eolas eile atá le fáil ar a bheatha.

Deirtear go raibh lámh mhór aige i scríobh Landnámabók, leabhar a chuireann síos ar lonnaíocht na hÍoslainne. Déantar tagairt ómósach dó mar fhear suntasach in Fyrsta málfræðiritgerðin (an chéad gráiméar a scríobhadh san Íoslainn), saothar a cruthaíodh timpeall na bliana 1160 AD, mar ní raibh bunús daingean le nós na scríbhneoireachta ag an am.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Paasche, Fredrik (1956). Norsk Litteraturhistorie I: Norges og Islands Litteratur: lgh 276–280. Oslo: Aschehoug.