Silice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Déocsaíd sileacain, SiO2, an príomhchomhábhar i screamh an Domhain, a fhaightear sa nádúr mar mhianraí íona agus i gcomhcheangal le dúile eile i mianraí sileacáite. Is iad na cineálacha criostalta silice grianchloch, trídimít is críostabailít, pais a tharlaíonn ag teochtaí níos airde de réir a chéile. Tugtar calcadóine ar chineálacha cripticriostalta. Faightear grianchloch dhímhorfach go nádúrtha in ópal, agus is féidir í a tháirgeadh trí shilice leáite a fhuarú go tapa. Baintear úsáid as i ndéanamh gloine is stroighne.