Calcadóine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Calcadóine ón bPoblacht Sheiceach

Cnuasainm ar chineálacha dlútha silice mianraí, SiO2, cumtha as criostail mhínghráinníneacha grianchloiche. Faightear í i bhfoirm thoirtiúil le loinnir cosúil le loinnir chéarach, go minic ag líonadh scoilteanna i gcarraigeacha bolcánacha. Cineálacha le bandaí is ea oinisc is agáit, agus is cineálacha daite iad seaspar, cloch fhola, criseapráis is coirnéilean.