Grianchloch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianchloch thoiteach

Cineál mianra is ea í an ghrianchloch de chuid an ghrúpa 'na sileacáití', atá sa fhoghrúpa 'na teictisileacáití'. Tá sí comhdhéanta de dé-ocsaíd sileacain (Laidin:silex), leis an bhfoirmle SiO2, maille le rianta de Alúmanam, Litiam, Bórón, Iarann, Maignéisiam, Cailciam, Tíotáiniam, Rubaidiam, Sóidiam agus Hiodrocsaíd.Is í an ghrianchloch an dara mianra is flúirseach i screamh an Domhain, tar éis na hiathchloche (Béarla: Feldspar).