Oileánra Svalbard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oileánra Svalbard
Longyearbyen, príomhchathair Svalbard

Is oileánra é Oileánra Svalbard sa Mhuir Artach. Is é an t-oileánra seo an chuid is faide thuaidh den Iorua, nó tá sé suite leath an bhealaigh idir an Pol Thuaidh agus cósta na hIorua. Is é Spitsbergen an t-oileán is mó san oileánra. Oileáin mhóra eile iad Nordaustlandet (An Tír Thoir Thuaidh) agus Edgeøya (Oileán Edge, a thagraíonn do Thomas Edge, sealgaire míolta móra a chuaigh lena cheird timpeall Svalbard thiar i dtús na seachtú haoise déag). Níl áitreabh ceart ach ar Spitsbergen, agus is ansin atá príomhchathair na n-oileán, Longyearbyen - Cathair Longyear, a fuair a hainm ó John Munroe Longyear. Fear gnó agus gróintín mianadóireachta a bhí ann a raibh an-ról aige i bhforbairt na mianadóireachta sna hoileáin.

Tá Bjørnøya, nó Oileán na mBéar, suite idir cósta na hIorua agus oileánra Svalbard. Cé nach cuid den oileánra é, is cuid de Svalbard mar aonad riaracháin é. Is é an Gobharnóir, nó Sysselmannen as Ioruais, an duine a chuireann cumhacht na hIorua i bhfeidhm ar an oileánra.

Dealraíonn sé go raibh an t-oileánra ar eolas ag na Lochlannaigh chomh luath leis an dara haois déag. Ainm Lochlannach é Svalbard a chiallaíonn "cladaí fuara". Mar sin féin, is gnách a rá gurbh é an taiscéalaí Ollannach Willem Barentsz a d'aimsigh Svalbard sa bhliain 1596. Is féidir, dáiríre, gurb é oileán Jan Mayen a bhí i gceist le "Svalbard" ar dtús.

Ba iad na sealgairí míolta móra ba túisce a thosaigh ag socrú síos sna hoileáin, ach ní dheachaigh siad ina gcónaí ansin ach go sealadach. Bhí sealgaireacht na míolta móra faoi lán an tseoil sa tseachtú agus san ochtú haois déag, ach ina dhiaidh sin, thréig lucht cleachta na ceirde seo an t-oileánra. Le teacht na fichiú haoise, thosaigh mianadóireacht an ghuail i Svalbard, agus tháinig pobail seasta ar an bhfód sna hoileáin. Sa bhliain 1920, shínigh an Iorua, na Stáit Aontaithe, an Danmhairg, an Fhrainc, an Iodáil, an tSeapáin, an Ísiltír, agus an Ríocht Aontaithe conradh - Conradh Spitsbergen - le stádas idirnáisiúnta na n-oileán a shocrú. Is éard a deir an Conradh ná gur leis an Iorua an t-oileánra, ach gur limistéar démhíleataithe é Svalbard - níl cead isteach ag longa cogaidh, mar sin - agus go bhfuil leis na stáit seo go léir mianadóireacht ghuail a chleachtadh, chomh maith le hoibreacha eile a bhfuil leas eacnamaíoch iontu. Inniu, áfach, ní bhaineann ach an Iorua agus an Rúis (roimh an mbliain 1989, an tAontas Sóivéadach, a shínigh an Conradh sa bhliain 1924) leas eacnamaíoch as na hoileáin. Chuaigh an Iorua in Eagraíocht Chonartha an Atlantaigh Thuaidh (ECAT, nó NATO) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ach mhair na Sóivéadaigh ag mianadóireacht leo sna hoileáin, le súil a choinneáil ar an áit agus lena chinntiú nach mbainfeadh fórsaí armtha de chuid ECAT leas as an oileánra mar bhunáit. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, áfach, chuaigh an pobal Rúiseach go mór i laghad. Inniu, is Rúiseach é duine as gach seisear. In Barentsburg atá cónaí ar an gcuid is mó de na Rúisigh.

Tagairtí[athraigh | edit source]