Grímsey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Oileán beag é Grímsey, agus é suite 40 ciliméadar amach ó chósta tuaisceartach na hÍoslainne. Tá an t-oiléan suite go díreach ar an gCiorcal Artach.

Grímsey, lastuaidh den Íoslainn

Baineann an t-oileán le Grímseyjarhreppur, bardas de chuid chúige Eyjafjarðarsýsla. Tá timpeall céad duine ina gcónaí ann, agus is é Sandvík an t-aon sráidbhaile amháin.[1]

Tíreolaíocht agus aeráid[athraigh | edit source]

Oileán Grímsey

Níl aon chuid áitrithe den Íoslainn níos faide ó thuaidh ná Grímsey; tá oileáinín Kolbeinsey níos faide ó thuaidh fós, ach níl aon daoine ann. Tá Flatey (Skjálfandi) 39 ciliméadar ó dheas. Tá aillte crochta ar gach taobh de Grímsey ach amháin sa deisceart. Réimse 5.3 ciliméadar atá ann, agus tá an chuid is airde de 105 méadar os cionn na farraige.[2]

An Ciorcal Artach ar Grímsey.

Tugann an Sruth Altantach Thuaidh uisce sách te leis ó Mhurascaille Mheicsiceo, agus dá bhrí sin níl an aeráid rófhuar. Taifeadadh teocht 26 °C (79 °F) ann, teocht a mbeadh súil agat léi i Réicivíc agus í i bhfad níos faide ó dheas. Níl crainn ann ach tá riasca, féar agus caonach le fáil ann, agus gnáthaíonn mórán éan an áit, go háirithe falcóga.[3]

Ní bhíonn aon oíche ann sa samhradh; tosaíonn an caochsholas um mheán oíche i ndeireadh mhí Iúil.

Bíonn stoirmeacha móra ann, agus uaireanta tagann an t-oighear aduaidh, rud a fhágann an fharraige ina reolach timpeall an oileáin. Sa samhradh, áfach, is minic an fharraige ina léinseach.

Geilleagar agus Pobal[athraigh | edit source]

Akureyri

Tá neart éisc le marú fós timpeall an oileáin, agus uaireanta téann na hiascairí i bhfad níos faide ó thuaidh ina mótarbháid. Tá feirmeacha ann, agus bailítear uibheacha éin mhara. Tá tarraingt turasóirí ar an áit.

Tá eaglais ann le hocht gcéad bliain anuas, ach sa bhliain 1856 a tógadh an eaglais atá anois ann. As adhmad farraige a rinneadh é, agus baint aici le paróiste Akureyri ar an oileán mór.

Tá lárionad pobail ann agus scoil ó leibhéal na naíscoile go dtí Grád 8; caithfidh daltaí níos sine dul go Akureyri.

Eaglais Grímsey

Fichille[athraigh | edit source]

Tá clú na fichille ar Grímsey,[4] agus dá bhrí sin chuir Willard Fiske, scoláire agus fear mór fichille, suim san oileán sna 1870í. Níor thug sé cuairt ar Grímsey riamh, ach chuir sé ábhar fichille chuige agus d'fhág airgead le huacht ag an oileán.[5]

An Ciorcal Artach[athraigh | edit source]

Deirtear go ritheann an Ciorcal díreach trí lár leaba an tsagairt - scéal gan bhunús, mar bogann an Ciorcal cúpla méadar gach bliain.

References[athraigh | edit source]

  1. Swaney, Deanna (1997). "Iceland, Greenland & the Faroe Islands": 251–252. Lonely Planet. 
  2. http://www.grimsey.is/um-grimsey/
  3. Riley, Laura & William (2005). "Nature's Strongholds: The World's Great Wildlife Reserves". Princeton University Press. 
  4. Tomasson, Richard F. (1980). "Iceland, the First New Society". University of Minnesota Press. 
  5. Millman, Lawrence; Theroux, Paul (2001). "Last Places: A Journey in the North": 109–110. Houghton Mifflin Books. 

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]