Fuinneamh agus cumhacht hidrileictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athrú an fhuinnimh phoitéinsiúil in uisce chuig fuinneamh cinéiteach. Ag airde mhór taobh thiar de dhamba, mar shampla, athraítear ar dtús é i bpíobán ag bun an damba, agus úsáidtear an sreabhadh tapa uisce ansin chun tuirbíní a rothlú is fuinneamh leictreach a ghiniúint. Deartar an scéim chun gur féidir an próiseas a chur ar aghaidh go leanúnach agus ráta tairiseach ginte fuinnimh leictrigh (cumhacht leictreach thairiseach) a tháirgeadh is a sholáthar. Tá an scéim hidrileictreachais is mó ag teacht chun táirgthe ó Dhamba na dTrí Mhám sa tSin. Roimhe sin, ba é an scéim ba mhó an damba ag Itaipú ar abhainn Parana idir an Bhrasaíl is Paragua, atá ag obair ó 1991.