Leictreachas
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tá leictreachas (a thagann ón nGréigis ήλεκτρον [electron], ómra) nó aibhléis, mar théarma ginearálta ar rudaí éagsúla ag baint le sruth agus lucht na leictreon. Is focal doiléir é sa chiall eolaíochta de agus is féidir idirdhealú idir feiniméin fhisiceacha ar nós tintreach agus sruthanna leictreacha ar taobh amháin agus feiniméin mhíchomónta ar nós réimsí leictreamaighnéadacha agus leictreamaighnéadachas ar an dtaobh eile. Úsáidtear i bhfeidhmiúcháin tionsclaíocha ar nós leictreonaic agus cumhacht leictreach. Is féidir é a chasadh air nó as de réir mar a theastaíonn.
Úsáidtear an téarma leictreachas le cur síos ar rudaí ar nós:
- Poitéinseal leictreach - an cumas atá ag réimse leictreach obair a dhéanamh, de ghnáth tomhaiste i voltanna.
- Sruth leictreach - an bogadh a dhéanann cáithnín leictreach luchtaithe, tomhaiste in aimpéar.
- Réimse leictreach - an iarmhairt a dhéanann lucht leictreach a chuireann fórsa i bhfeidhm ar rudaí luchtaithe in aice leis.
- Fuinneamh leictreach - an fuinneamh a sholáthraíonn sruth leictreach
- Cumhacht leictreach - an ráta ina n-athraítear fuinneamh leictreach go dtí foinse eile fuinnimh, mar shampla solas nó teas.
- Lucht leictreach - baineann an téarma seo le airí fo-adamhach, a chinneann a idirghníomhuithe leictreamaighnéadacha. Téann réimse leictreach i gcionn ar rudaí leictreacha luchtaithe.
[athraigh] Leictreachas statach
Nuair a dhéantar dhá ábhar éagsúla a chuimilt dá chéile bogann leictreoin ó ábhar amháin go dtí an t-ábhar eile. Bailítear lucht leictreach ar a dtugtar leictreachas statach.
[athraigh] Ciorcad Leictreach
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.