Volta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is volta ann ná an t-aonad (i gCóras Idirnáisiúnta na nAonad) a thomhaiseann an poitéinseal leictreach, an difríocht sa phoitéinseal leictreach, agus an fórsa leictreaghluaisneach. Fuair an volta a ainm ó Alessandro Volta, a chéadcheap an "carn voltach", an chéad bhataire leictreach ceimiceach.

Ceallraí (1.5V)

Sainmhíniú[athraigh | edit source]

Is é an volta an difríocht sa phoitéinseal leictreach idir dhá cheann na sreinge leictrí, agus í faoi shruth leictreach aon aimpéar amháin, más ionann an chumhacht a scaiptear agus aon vata amháin. Is féidir an volta a shainmhíniú ar dhóigheanna eile freisin: má tá dhá phlána faoi aon mhéadar dá chéile, agus iad ag gineadh réimse leictreach niútan amháin in aghaidh an chúlóim, is ionann an difríocht sa phoitéinseal leictreach idir an dá phlána agus aon volta amháin. Is féidir an bhaint atá ag an volta leis na haonaid eile sa chóras SI a aithint ar an bhfoirmle seo:

\mbox{V} = \dfrac{\mbox{W}}{\mbox{A}} = \dfrac{\mbox{J}}{\mbox{C}} = \dfrac{\mbox{N} \cdot \mbox{m} }{\mbox{A} \cdot \mbox{s}} = \dfrac{\mbox{kg} \cdot \mbox{m}^2}{\mbox{A} \cdot \mbox{s}^{3}}

San fhoirmle seo, is ionann:

  • V agus an volta (aonad an voltais, nó an phoitéinsil leictrigh)
  • W agus an vata (aonad na cumhachta)
  • J agus an giúl (aonad an fhuinnimh)
  • C agus an cúlóm (aonad an luchta leictrigh)
  • A agus an t-aimpéar (aonad an tsrutha leictrigh)
  • N agus an niútan (aonad an fhórsa)