Difríocht poitéinsil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cainníocht sa bhfisic, a dtugtar an voltas uirthi. Úsáidtear an tsiombail U di, agus tomhaistear in aonad voltaí (V) í. Bíonn difríocht poitéinsil idir dhá phointe nuair is gá obair a dhéanamh i gcoinne réimse leictrigh chun lucht a aistriú ó phointe amháin go pointe eile. Faightear neart an réimse leictrigh idir na pointí tríd an difríocht poitéinsil eatarthu a roinnt ar an bhfad eatarthu. Tugann an difríocht poitéinsil idir teirminéil bataire tomhas ar chumas an bhataire sruth a rith timpeall ciorcaid.