Carn voltach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léaráid scéimeach de charn voltach copair - sinc. Bhí na dioscaí copair agus sinc scartha le spásairí cairtchláir nó feilte, sáithithe i sáile (an leictrilít). Bhí diosca since breise ag bun chairn bhunaidh Volta, agus diosca breise copair ag an mbarr. Taispeánadh ina dhiaidh sin nach raibh gá leo.
Carn voltach ar taispeáint sa Tempio Voltiano (Teampall Volta) gar do bhaile Volta i Como, an Iodáil
Macasamhlú den chéad Charn Voltach

Ba é an carn voltach an chéad cheallra leictreach a d’fhéadfadh sruth leictreach leanúnach a sholáthar do chiorcad. Ba é an fisiceoir Iodálach Alessandro Volta a chum é, a d’fhoilsigh a thurgnaimh sa bhliain 1799. Chuir an carn voltach ar chumas sraith tapa fionnachtana eile lena n-áirítear dianscaoileadh leictreach (leictrealú) uisce go dtí ocsaigin agus hidrigin le William Nicholson agus Anthony Carlisle (1800), agus fionnachtain nó aonrú na n-eilimintí ceimiceacha sóidiam (1807), potaisiam (1807), cailciam (1808), bórón (1808), bairiam (1808), strointiam (1808), agus maignéisiam (1808) le Humphry Davy. [1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Russell (August 2003). "Enterprise and electrolysis...". Chemistry World.