Potaisiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachPotaisiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Potaisiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachK
Uimhir adamhach19
Mais adamhach39.0983
Cumraíocht leictreon[Ar] 4s¹ agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 4s¹
Peiriad, Grúpadúil ghrúpa 1
peiread 4
miotail alcaile
Airíonna fisiceacha
Dlús0.862 agus 0.828 kg/m⁻³
Leáphointe336.7 agus 63.65
Fiuchphointe1,047 agus 773.85
Leictridhiúltacht0.82
Ga ianach1.37, 1.38, 1.51 agus 1.64
Stair
AimsitheoirHumphry Davy
Fionnachtain1807
EapainmPotais

Is é an potaisiam dúil uimhir a 19 sa tábla peiriadach. Fuair sé a ainm Gaeilge ón bpotais, is é sin, an mianra carbónáite (carbónáit an photaisiam, K2CO3) as ar haonraíodh é an chéad uair riamh. Potassium an t-ainm Béarla agus Fraincise freisin, ach tá siombail cheimiceach an photaisiam, K, bunaithe ar an ainm Gearmáinise Kalium, a úsáidtear ina lán teangacha eile chomh maith. Tháinig an t-ainm sin as focal Araibise a chiallaíonn "luaith".

Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal bog éadrom é an potaisiam a bhfuil loinnir an airgid ghil ann go gairid ar lorg a ghearrtha, ach is dual dó brat ocsaíde a tharraingt air féin go sciobtha i dteagmháil leis an aer. Ar ndóigh, imoibríonn sé go fíochmhar leis an uisce, agus mar sin, is gá potaisiam a choinneáil i dtaisce istigh in ola lena chosaint ar an aer agus ar an bhfliuchas.

Tá imoibriú an photaisiam leis an uisce níos fíochmhaire fós ná imoibriú an tsóidiam, agus is dual dó an hidrigin a scaoiltear saor sa teagmháil a chur ar bharr lasrach le teas an imoibriúcháin. Mar sin, tá sé thar a bheith contúirteach triail a bhaint as an imoibriúchán seo, cé go ndéantar ó am go ham ar scoil é le himoibríocht na miotal alcaileach a ghléiniú.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an bpotaisiam ná 1s22s22p63s23p64s1. Is é sin, tá aon s-leictreon amháin aige taobh amuigh den ochtréad, mar fhiúsleictreon, agus tagann adamh an photaisiam an leictreon seo go fonnmhar ar iasacht, ionas gur féidir leis féin iompú ina ian deimhneach, K+. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin atá ag an bpotaisiam ná +1, agus cruthaíonn sé comhdhúile atá an-chosúil le comhdhúile an tsóidiam, is é sin, salainn (comhdhúile ianacha). Bíonn comhdhúile an photaisiam sothuaslagtha san uisce. Má chuirtear salann potaisiam trí thine, aithneofar an potaisiam ar an lasair vialaite.

Ní féidir a rá go mbeadh an potaisiam - is é sin, ian an photaisiam - nimhiúil nó tocsaineach don duine. Tá sé ag teastáil ó orgánach an duine leis an gcothromaíocht osmóiseach a choigeartú idir na cealla agus an sreabhán scáineach, nó leis na cealla néarógacha a choinneáil ag obair.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]