Humphry Davy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i bPensans, Corn na Breataine ab ea Humphry Davy (1788-1829). Thaispeáin sé gur féidir comhdhúile a dhianscaoileadh ina ndúile le leictreachas. Ar an mbealach seo d'fhionn sé na dúile potaisiam, sóidiam, bairiam, strointiam, cailciam, agus maignéisiam. I 1815 cheap sé a lampa cáiliúil sábháilteachta i gcomhair mianadóirí.