Benjamin Thompson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Riarthóir is eolaí a rugadh i Woburn, Massachusetts ab ea Benjamin Thompson (Cunta Rumford, 1753-1814). I 1784 chuaigh sé chun oibre sa Bhaváir, agus bronnadh an teideal Cunta d'Impireacht Naofa na Róimhe air ansin. Thaispeáin sé den chéad uair an gaol idir teas is obair, gaol bunúsach sa bhfisic is an cheimic. I 1799 chuaigh sé chun oibre i Londain, agus bhunaigh an Institiúid Ríoga.