Institiúid Ríoga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumann eolaíochta léannta a bunaíodh sa Bhreatain i 1799. Bhí lárionad taighde eolaíochta ina saotharlanna, agus is ansin a rinne Humphrey Davy, Michael Faraday is John Tyndall a gcuid taighde. Ina príomhionad ar Shráid Albemarle in Londain a bhíonn Léachtanna na Nollag don óige aici, a chraobhscaoileann an BBC gach bliain.