Optaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar sholas is na hionstraimí atá bunaithe air. Ar siúl le 4,000 bliain ar a laghad. Bhí scátháin ag na hÉigiptigh. Bhí teoiricí ar an solas ag na Gréagaigh, agus lionsaí (gloiní dóite). Leag Eoiclídéas síos dlíthe an fhrithchaithimh timpeall 300 RC. B'ábhar staidéir é sa Choláiste Impiriúil Míochaine sa tSín ón 7ú céad. Tá úsáid lionsaí chun radharc na súl a cheartú luaite le Roger Bacon sa 13ú céad. Cheap Galileo ceann de na teileascóip is luaithe i 1609. Thóg Newton an chéad teileascóp frithchaite i 1668. Roimhe sin, timpeall 1590, cheap déantóir Ollannach spéaclaí, Zacharias Janssen (1588-1632), an micreascóp comhshuite le dhá eilimint optúil nó níos mó. Ón 17ú céad ar aghaidh tháinig optaic gheoiméadrach chun cinn chun cur síos ar fhrithchaitheamh is athraonadh trí sholas a shamhlú ina ghathanna a thaistealaíonn ina línte díreacha. Ach ag deireadh an chéid chéanna tugadh díraonadh solais faoi deara, rud a chiallaigh go raibh tréithe tonnacha ag solas. Cosantóir luath ar theoiric thonnach an tsolais ab ea an fisicí Ollannach Christiaan Huygens, ach chloígh Newton leis an tseanteoiric, an teoiric choirpíneach, go raibh solas déanta as páirteagail nó coirpíní. Faoi 1804 léirigh Thomas Young trasnaíocht solais, ag cruthú gur thonn é. Roimhe sin bhí Huygens is Newton tar éis polarú solais le criostal cailcíte a bhrath, ach níorbh fhéidir leo an feiniméan a mhíniú. Bhí an míniú le fáil ón tuiscint gur trasthonn ab ea solas. Faoi seo tuigtear gur áisiúil an dá dhearcadh ar nádúr an tsolais, an teoiric choirpíneach, cuimsithe san optaic gheoiméadrach, agus an teoiric thonnach, cuimsithe san optaic fhisiciúil. I measc na bhfeidhmeanna is nua-aoisí san optaic tá snáithíní optúla is a n-úsáidí sa teileachumarsáid, eilimintí optúla loighce, na ríomhairí optúla atá á bhforbairt is á dtuar, anailís Fourier i bpróiseáil is scagthástáil íomhánna, optaic oiriúnaitheach, léasair, holagrafaíocht, olltáirgeadh lionsaí casta plaisteacha, agus a lán eile.