Christiaan Huygens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Christiaan Huygens
Christiaan Huygens-painting.jpeg
Dáta breithe 14 Aibreán, 1629
  An Háig, an Ísiltír
Dáta báis 8 Iúil, 1695
  An Ísiltír
Náisiúntacht Ísiltíreach
Réimsí Fisic
Matamaitic
Réalteolaíocht
Iomráiteach do Clog luascadánach
Prionsabal Huygens–Fresnel

Bhí Christiaan Huygens (Éist(cabhair, comhaid)) (14 Aibreán, 1629 - 8 Iúil, 1695), mar Matamaiticeoir, réalteolaí, ceapadóir agus fisiceoir. Ollanach. Rugadh é sa Háig, mar mac Constantijn Huygens. Rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Leiden agus an Cóláiste Óráiste i Breda, roimh staidéar ar an eolaíocht. Tugann Staraí creidiúint do Huygens do réabhlóid eolaíocht with the scientific revolution.

Bhí beagán baint ag Huygens le forbairt an calcalas nua aimsirthe. Bhí a obair tábhachtach ó thaobh a aragóintí i bhfabhar tonnteoiric an tsolais. Sa bhliain 1655, d'fhionn sé gealach Satarn; Titan. Fad is a bhí sé ag staidéar fáinní Saturn, sa bhliain 1656. d'fhionn sé go raibh siad déanta de clocha. Sa bhliain chéanna rinne sé staidéar ar agus sceitse de Réaltnéal Oiríon. Bhí a phictiúir, foilsithe sa Systema Saturnium sa bhliain 1659. Ag úsáid a teileascóp bhí sé in ann na réalt sa réaltnéal a aimsiú. (Glaodh an Réigiún huygens ar an píosa is gile sa taobh istigh den réaltnéal). D'fhionn sé freisin cúpla reáltnéal eile comh le réaltaí dúbailte . D'fhoirmligh sé Dara Dlí Niútan i bhfoirm cearnach, níos déanaí rinne Isaac Newton ceartúcháin agus ath-fhoirmligh sé an dlí.

Bhí sé chairdiúil le Blaise Pascal, agus eisean a thug spreagadh do Huyens a leabhair faoi teoiric dóchúlacht a fhoilsiú sa bhliain 1657.

Rinne sé obair freisin ar chloig níos cruinne, go háirithe ó thaobh loingseoireacht. Sa bhliain 1658 d'fhoilsigh sé leabhair faoi seo darbh ainm Horologium. Eisean a cheap an Chlog luascadánach, a bhí an tábhachtach ó thaobh coimeád an t-am, agus staidéar ar an t-am.

Toghadh Huygens mar baill den Cumann ríoga sa bhliain 1663. Sa bhliain 1666 bhog sé go Páras agus d'oibrigh sé sa Acadamh Eolaíochta na Fraince faoi pátrúnacht Laoiseach XIV na Fraince. Rinne sé níos mó staidéar ar an réalteolaíocht ag baint úsáid sa réadlann i bPáras. Sa bhliain 1684 d'fhoilsigh sé "Astroscopia Compendiaria" a rinne chuir síos ar a teileascóip nua gan feadáin .

Bhog Huygens ar ais go dtí an Háig sa bhliain 1681 tar éis a bheith an tinn. Fuair sé bás ansin ar 8 Iúil, 1695.