An Háig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Háig
Den Haag
An Háig
Suíomh

52°5′ Thuaidh 4°19′ Thoir

Rialtas
Tír: An Ísiltír
Cúige: An Ollainn Theas
Méara: J.J. van Aartsen
Déimeagrafaic
Achar: 98.20 km²
Daonra: 1,022,256
Crios ama: CET (UTC+1)
www.denhaag.nl

Is príomhchathair de chuid chúige na hOllainne Theas san Ísiltír í An Háig. Tá 500 000 duine (ó 1 Meán Fomhair 2011) ina gcónaí ann agus is í an tríú chathair is mó san Ísiltír, i ndiaidh Amstardam agus Rotterdam. Tá An Háig lonnaithe in iarthar na hÍsiltíre, i lár chomhchathair Haaglanden agus i gcúinne thiar theas de chuid na comhchathrach níos mó ar a dtugtar "Randstad".

Tá An Háig mar shuíomh do rialtas, parlaimint agus Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre, mar aon le Comhairle an Stáit, ach ní príomhchathair na hÍlstíre í os rud é gurb é Amstardam príomhchathair na tíre ó thaobh an bhunreachta de. Tá Banríon Beatrix na hÍsiltíre ina cónaí in Huis ten Bosch agus oibríonn sí i bPálás Noordeinde san Háig. Tá na hambasáidí eachtracha uile agus 150 eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe sa chathair, lena n-áirítear an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is ceann de na príomhchathracha a óstálann na Náisiúin Aontaithe (in éineacht le Nua Eabhrac agus leis an nGinéiv) í An Háig.

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh An Háig timpeall na bliana 1230 nuair a cheannaigh Floris IV, Cunta na hOllainne, talamh feadh linne (ar a dtugtar "Hofvijver" faoi láthair) d'fhonn cónaí seilge a thógáil. Sa bhliain 1248, shocraigh William II, Cunta na hOllainne agus Rex Romanorum, an cónaí a shíneadh go pálás. Fuair sé bás sa bhliain 1256 roimh an pálás a chur i gcrích, ach chríochnaigh a mhac Floris V codanna den phálás agus is é an Ridderzaal (Halla na Ridirí), atá fós ann faoi láthair, an chuid is suntasaí. Baintear úsáid as fós le haghaidh ócáidí polaitiúla, ar nós óráid bhliantúil an mhonairc ón ríchathaoir. Ón 13ú haois ar aghaidh, bhain cuntaí na hOllainne úsáid as An Háig mar a n-ionad riaracháin agus a gcónaí agus iad san Ollainn.

Ainm agus stádas[athraigh | edit source]

Luadh An Háig don chéad uair mar 'Die Hage' i ndoiciméad ó 1242. Sa chúigiú haois, úsáideadh an teideal níos foirmiúla 'des Graven hage', sin 'coill an chunta' go litriúil. Mar sin, bhí fochialla ar nós 'fál an chunta, clós príobháideach nó tailte seilge' ag baint leis. Úsáideadh 's Gravenshage go hoifigiúil don chathair ón 17ú haois ar aghaidh. Faoi láthair, ní úsáidtear an teideal seo ach i ndoiciméid oifigiúla. Baineann an chathair féin úsáid as "Den Haag" i ngach cumarsáid eile.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá ocht gceantar (stadsdelen) oifigiúla san Háig. Tá siad roinnte i gcodanna níos lú (wijken).

  • Escamp
  • Haagse Hout
  • Laak
  • Leidschenveen-Ypenburg
  • Loosduinen
  • The Hague Center
  • Scheveningen
  • Segbroek

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]