Athraonadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athrú i dtreo forleata toinne (tonn fuaime nó solais) nuair a théann sí ó mheán amháin isteach i meán eile le luas forleata difriúil ón gcéad mheán. Mar shampla, nuair a théann fuaim ó aer te go haer fuar. Má imbhuaileann ga solais an dromchla idir an dá mheán (meán 1 is meán 2 le luasanna forleata c1 is c2 faoi seach) le huillinn ionsaitheach θA, ní leanann an ga sa treo céanna i meán 2 ach déanann uillinn θB leis an ingear leis an dromchla ag pointe ionsaithe an gha. Is é an ceangal idir an dá uillinn seo ná sinθA/sinθB = tairiseach = c1/c2. Tugtar dlí Snell ar an gcothromóid seo, in onóir do Willebrod Snell a d'fhionn í i 1621. Más folús meán 1, c1/c2 = cf/c2 = n2, agus tugtar comhéifeacht athraonta ar thairiseach seo mheán 2. Nuair a théann an ga solais isteach i meán le comhéifeacht athraonta ard, castar an ga athraonta i dtreo an ingir. Tagann an díchumadh a fheictear i réad faoi uisce ón bhfeiniméan seo. Athraonadh solais is bun leis an mbogha ceatha, agus mearuithe súl.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Athraonadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 54.