Ciorcad iomlánaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nuair a dhéantar dé-óideannatrasraitheoirí as sileacan, tosaítear le slisne den bhunábhar céanna i ngach cás. Trí dhópáil logánta ar an slisne le heisíontais glacóir-leictreon nó deontóir-leictreon, déantar leathsheoltóir de chineál p nó cineál n faoi seach ag an ionad sin. Trí thiúchan an eisíontais a rialú, déantar inseoltacht an leathsheoltora a shocru. Is féidir dé-óideanna a dhópáil ag ionaid áirithe ar an slisne, trasraitheoirí ag ionaid eile, friotóirí ag ionaid eile, agus toilleoirí ag ionaid eile fós. Is féidir na ceangail idir na comhbhaill seo a dhópáil chun ciorcad ar leith a thógáil. De ghnáth tosaítear le slisne fíorbheag fíorshileacain chriostalta, timpeall 1 mm × 1 mm. Deartar an ciorcad atá le déanamh, agus rianaítear a leagan amach ar dhromchla an tslisne, le próiseas micreascópach fótagrafach ar a dtugtar micriliteagrafaíocht. Ansin déantar an dópáil i gcéimeanna go mbíonn an ciorcad iomlán lonnaithe ar aon slisne sileacain amháin. Clúdaítear an ciorcad iomlánaithe seo i bpacáiste plaisteach nó miotalach caomhnaitheach, agus déantar ceangail leis na pointí cuí sa chiorcad trí phionnaí inslithe copair a thagann amach tríd an gcludach sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ciorcad iomlánaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 138.