Tintreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tintreach.

In aimsir thirim, luchtaítear scamaill le lucht leictreach - tintreach - trí fharasbarr leictreon a fháil ón aer nó leictreoin a chailliúint don aer, agus iad ag taisteal tríd an aer[1].

De bharr an aistriú luchta seo, tagann na scamaill le bheith ag ardvoltas i leith a chéile is na talún.

Má tharlaíonn grádán voltais mór go leor idir dhá scamall, nó idir scamall is talamh, ianaíonn sé an t-aer, rud a dhéanann seoltóir leictreon de, agus díluchtaítear na scamaill de phreab.

San ianú aeir seo, téitear móilíní an aeir an oiread sin go mbíonn siad gealbhruthach agus go n-astaíonn siad solas infheicthe ar feadh conair na leictreon.

Splanc tintrí is ea an chonair solais seo. Is splanc thintrí a bhíonn sa chonair seo sholais agus is plimp thoirní a bhíonn san fhuaim.

Bíonn an-chuid fuinnimh i splanc thintrí, agus má bhuaileann sé crannfoirgneamh is féidir le dochar mór tarlú dá bharr. Mar sin, is inmholta seoltóir tintrí (slata tintrí copair) a chur le foirgnimh arda chun an díluchtú a tharraingt tríd seachas tríd an bhfoirgneamh féin. Ar an tslí sin, is tríothu sin, agus ní tríd an bhfoirgneamh féin, a tharraingítear an díluchtú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)