Fuinneamh agus cumhacht leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is féidir obair mheicniúil a dhéanamh le fuinneamh leictreach trí mhótar leictreach, agus is féidir teas a fháil ó fhuinneamh leictreach trí théitheoir leictreach. Soláthraítear fuinneamh leictreach go leanúnach, agus an oiread a úsáideann tomhaltóir in aghaidh an tsoicind, is é sin an chumhacht leictreach a úsáideann sé. Faightear an chumhacht tríd an voltas a sholáthraítear, 220 V, a mhéadú faoin sruth in aimpéir a thógtar. Má thógtar sruth 5 A, is é an chumhacht ná 220 × 5 = 1100 W = 1.1 kW. Nuair a íoctar bille leictreach, is as an méid fuinnimh a íoctar, agus úsáidtear an chileavatuair mar aonad fuinnimh chun é seo a thomhas seachas an bunaonad fuinnimh, an giúl. De bhrí go mbíonn sé chomh héasca sin feidhm a bhaint as fuinneamh leictreach, is é sin má tá do theaghlach ceangailte le mogalra soláthair, is oiriúnaí fuinneamh leictreach dá lán daoine ná aon saghas fuinnimh eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh agus cumhacht leictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 294.