Lucht leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilLucht leictreach
Siombailq agus Q Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Airí fisiceach damhna is ea an lucht leictreach a chuireann ar rud a bhfuil an lucht seo aige fórsa a bhrath má tá sé i ngar do dhamhna luchtaithe eile. Tá dá shórt luchta leictrigh ann---lucht deimhneach agus lucht diúltach. Bíonn fórsa éartha idir dhá chorp le luchtanna deimhneacha nó idir dhá chorp le luchtanna diúltacha, ach bíonn fórsa aomtha nó tarraingthe idir dhá chorp le luchtanna urchomhaireacha. Is é an cúlóm an t-aonad SI de lucht leictreach. Is é an leictreamaighnéadas an teoiric a chuireann síos ar na fórsaí idir coirp luchtaithe.

Caomhnaítear an lucht leictreach---is é sin, ní féidir an méid luchta i gcóras a athrú. Is féidir áfach lucht deimhneach a chruthú má chruthaítear lucht diúltach don méid céanna in aon uain leis. Tá a airí féin ag gach buncháithnín fo-adamhach, agus tá candamú ar mhéid an luchta is féidir a bheith ag cáithnín. Tá lucht diúltach ag an leictreon, agus is é lucha a luchta ná e=1.602 × 10 -19 cúlóim. Tá an lucht céanna ag an bprótón, ach é a bheith deimhneach. Tá lucht ag gach aon cháithnín atá ina iolraí ar lucht an leictreoin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]