Córas Idirnáisiúnta na nAonad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó SI)
Bosca Sonraí EagraíochtaCóras Idirnáisiúnta na nAonad
Sonraí
Ainm gearrSI agus СИ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcaighdeán idirnáisiúnta
coherent system of units (en) Aistrigh
caighdeán teicniúil
córas méadrach Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is Córas Idirnáisiúnta na nAonad, nó SI (Fraincis: Le Système International d'Unités) ná córas d'aonaid a úsáidtear chun tomhais fhisiciúla a dhéanamh. Baineann an chuid is mó den domhan feidhm as an gcóras seo.

Tá seacht mbunaonad ann: comhdhéantar na haonaid eile go léir as na bunaonaid sin le réimíreanna áirithe a úsáid.

Taispeánann an tábla na haonaid go léir agus an stair a baineann leo.

Aonaid Bhunúsacha SI
Ainm Siombail Tomhais Sainmhíniú Áit sa Stair/fírinniú
méadar m fad Tá an t-aonad faid cothrom leis an bhfad a thaistealaíonn solas i bhfolús tar eis 1/299 792 458 soicind. 1/10 000 000 den fhad ó méanciorcal An Domhain go dtí an Pól thuaidh tríd Páras
cileagram kg mais Tá an t-aonad maise cothrom leis an bhfréamhshamhail Cileagram Idirnáisiúnta (sorcóir platanam-iridiam) san Bureau International des Poids et Mesures (BIPM), Sèvres, Páras. Mais aon litir de uisce. San aimsir caite glaodh grave le siombail G. Tá an gram mar aonaid dírithe, cothrom le 1/1000 de cileagram.
soicind s am Tá an t-aonad ama cothrom le 9 192 631 770 peiriadaí den raidíocht a ligfear saor nuair atá athrú idir dhá léibhéal hipirfín léibhéal sa Stáit Bunúsacha den adamh caesium-133 ag teocht 0 K. 1/86400 den lá
aimpéar A sruth leictreach Tá an t-aonad leictreachais cothrom leis an sruthtairiseach sa turgnamh le dhá seoltóirí cothromóideach, le fad éigríochta agus trasghearradh diomaibhseach, le méadar amhain idireathartha i bhfolús, a dhéanfadh fórsa 2×10 −7 niútan do gach méadar, idir na dhá seoltóirí
ceilvin K teocht 1/100 den difríocht idir pointí fiuchadh agus reoigh uisce
mól mol méid ábhair (mais/mais) Ta an mól cothrom leis an méid i substaint le adamh neodrach sé sin leis an méid céanna buncháithníní (adaimh, móilín, ian, leictreon nó cáithníní eile ag braith ar an substaint) toisc go bhfuil adaimh in 0.012 cileagram de carbón-12 íon; tá an uimhir seo cothrom le 6.0221415(10)×1023 mol-1 aon gram do gach aondaid adamhach maise
caindéile cd déine lonrúil Tá an t-aonad tomhaise i gcomhair déine lonrúil, an lonra i ngach dtreo, ó foinse a éisíonn radaíocht monacrómatach le minicíocht 540×1012 heirts agus le lonra radaíocht sa treo sin le cumhacht 1/683 vata do gach stearaidian. Cumhacht-coinnle

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]