Tomás Mac Donnchadha
Tomás Mac Donnchadha (1 Feabhra, 1878 – 3 Bealtaine, 1916). Náisiúnaí Éireannach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, agus duine de seachtar sínitheoirí Fhorógra na Poblachta.
Saol[athraigh]
Ba as Cloch Shiurdáin, Tiobraid Árann ó dhúchas é Mac Donnchadha, agus chaith sé an chéad chuid dá shaol ag múineadh. Bhog sé go Baile Átha Cliath le staidéar a dhéanamh agus ba é an chéad mhúinteoir é ar fhoireann Scoil Éanna, an scoil ar thug sé cúnamh lena bunú in éineacht le Pádraig Mac Piarais. Bhí eolas maith ag Mac Donnchadha ar an litríocht, agus bhain a chuid dúthrachta agus léinn áit amach dó i roinn an Bhéarla i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Léiríodh an dráma a scríobh sé When the Dawn is Come in Amharclann na Mainistreach.
Ceapadh é ina stiúrthóir oiliúna ar Óglaigh na hÉireann in 1914, agus chuaigh sé isteach san IRB ina dhiaidh sin. Ceapadh Mac Donnchadha ar Chomhairle Mhíleata an IRB in 1916. Ba é a bhí mar cheannasaí ar an Dara Cathlán de Dhrong Bhaile Átha Cliath a thóg seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob agus na tithe thart san áit sin le linn an Éirí Amach.
Cuireadh chun báis é an 3 Bealtaine 1916.
Seo mar scriobh sé:
- Mise Gael
- Agus ní heol dom cúis ach bróid
- gur mhair mo náisiún beo
- in ainneoin feall na nGall anseo.
- Diúltaíonn sé géilleadh
- fiú amháin don díomá.
- Agus éiríonn sé tréan inniu
- le neart nua ina ghéag
- agus amhrán nua ar a liopaí.
- i bhfocail an teanga nua
- a bhfuil ina teanga aosta
- ag glaoch go fóill
- ó haois go haois.
| Éirí Amach na Cásca |
||
| Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
|
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile |
||
| Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
|
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn |
||
| Éireannaigh mór le rá eile |
||
|
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
