Tomás Ághas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba mhúinteoir, ball de Chonradh na Gaeilge agus Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus duine de na bhaill a bhunaigh Óglaigh na hÉireann é Tomás Pádraig Ághas (12 Eanáir 188525 Meán Fómhair 1917), a rugadh i Lios Póil, Contae Chiarraí. B'eisean duine de na baill den Bhráithreachas a rinne Dubhghlas de hÍde iarracht díbhir de Conradh na Gaeilge, i rith an tsamhraidh na bliana 1913.

Clár ábhair

[athraigh] An tÉirí amach

Ba cheannfort é ar Chathlán Fhionn Gháil a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Bhí idir seasca agus seachtó fear aige ag troid in aghaidh forsaí na Sasanaigh timpeall tuaisceart Bhaile Átha Cliath le linn an Éirí amach. Bhí bua tábhachtach ag an gcathlán i gCill Dhéagláin, Contae na Mí, áit a chuaigh siad i mbun ionsaí ar fhórsa a bhí i bhfad níos mó. Thóg siad a lán airm, agus beagnach fiche feithicil. Nuair a theip an Éirí amach go forleathan, áfach, ghéill Cathlán Ághais tar éis ordú a fháil ó Pádraig Mac Piarais.

[athraigh] Príosúnach

Ar an 8 Bealtaine 1917, fuair Ághas agus Eamon de Valera pianbhreith bháis ón airmchúirt. Áithríodh na pían bhreithe seo go dtí príosúnacht saoil. Choimeád na Sasnaigh Ághas i bpríosún Lewes i Sasana.

Nuair a tháinig Stáit Aontaithe Mheiriceá isteach sa Chéad Chogadh Domhanda i mí Aibreáin 1917, tháinig níos mó brú ar na Sasnaigh "an Fhadhb Éireannach" a réiteach. Thósaigh de Valera, Ághas agus Tomás Hunter stailc ocrais ar an 28 Bealtaine 1917 chun an brú sin a méadú. Le cuntasaí faoi droch iompar sna phríosúin agus agóid ag méadú in Éire, ligeadh saor na priosúnaigh Éireannacha a bhí fágtha ar an 18 Méitheamh 1917 le chead Lloyd George.

I mí Lúnasa 1917, ghabhadh Ághas arís agus chúisíodh é le ceannairc de dheasca óráíd a rinne sé i mBaile na Luí, Contae an Longfoirt, áit a raibh Mícheál Ó Coileáin ag labhairt freisin. Cuireadh sa Currach é ar dtús báire, ach ansin bogadh é go Príosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath.

[athraigh] Deireadh a shaoil

Ciontaíodh agus daoradh pianbhreith dhá bhliain obair crua air. D'éalaigh é féin agus na príosúnaigh eile, Aibhistín de Staic ina measc, stadús 'priosúnach cogaidh'. Chuaigh sé ar stailc ocras arís mar ágóid ar an 20 Meán Fómhair. Fuair sé bás ar an 25 Meán Fómhair 1917, san oispidéal Mhater, de bharr ithe trí tréise láimhe húdaráís an phriosúin.

Bhí bás Ághais tábhachtach don ghluaiseacht phoblachtánach agus mhéadaigh earraigh na hÓgláigh. Ar dtús bhí a chorp i Hálla Cathrach Báile Átha Cliath, agus ansin cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon.

[athraigh] Eolas eile

Tá sé gaolta le Catherine Uí Ághas, seanmháthair (tríd a hathair) leis an aisteoir Meirceánach Gregory Peck, a bhí mar imircigh go dtí na Stáit Aontaithe sa 19ú haois.

Do chuid uirlisí