Ospidéal an Mater Misercordiae
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ospidéal oiliúna i mBaile Átha Cliath na hÉireann é Ospidéal an Mater Misercordiae nó An Mater go minic ( Béarla: Mater Misericordiae University Hospital ( the Mater agus MMUH go minic) (Is ionann Mater Misercordiae agus máthair na trócaire sa Laidin) a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chontae agus don cheantar máguaird. Otharlann ghinearálta atá ann atá lonnaithe ar Shráid Eccles agus clúdaíonn an t-ospidéal roinnt sainréimsí éagsúla. Tá an t-ospidéal nasctha le COBÁC mar ospidéal oiliúna.