Ard-Oifig an Phoist

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I dtús báire, bhí Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ag obair i bhfoirgneamh beag in aice leis na Foirgintí Tráchtála, ach ní ba déanaí, haistríodh í go dtí áras níos mó os comhair Fhaiche an Cholaíste. Ar an séú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1818, hosclaíodh Oifig nua an Phoist i Sráid Sackville, ar a dtugtar Sráid Uí Chonaill inniu. Ar na saolta seo, tá Ard-Oifig an Phoist ag obair mar cheanncheathrú do An Post, a sholáthraíonn seirbhísí postais do Phoblacht na hÉireann ar fad.

Gardaí Síochána nua ag máirseáil i bparáid thart le hArd-Oifig an Phoist, Tóstal na bliana 1954

Stair[athraigh | edit source]

Chuir Charles Whitworth an bhunchloch leis an bhfoirgneamh ar an 12ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1814, agus críochnaíodh an obair i ndiaidh oibreacha trí bliana. Chosain an foirgneamh leathchéad míle punt. B'é an t-ailtire Francis Johnson a rinne an dearadh.

Tá an foirgneamh maisithe le trí dhealbh le John Smyth. Tá teachtaire na ndéithe Rómhánacha, Mearcair, ina sheasamh ar an taobh deas, agus é ag iompar maide an dá nathair (Caduceus) arb é a shuaitheantas é, chomh maith le sparán. Ar an taobh clé, seasann an Dílseacht (Fidelitas) agus í ag ardú méire lena béal agus ag iompar eochrach ina lámh. Sa lár atá, Hibernia, agus í ag baint taca as a sleá agus ag coinneáil greama ar a sciath.

Nuair a bhí Éirí Amach na Cásca díreach ag tosú, léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta amach ó staighre an dorais mhóir os comhair Ard-Oifig an Phoist. Tá bunchóip an fhorógra le feiceáil inniu féin in Oifig na mBailitheoirí Stampaí. I rith an Éirí Amach, bhain ceannairí na nÓglach úsáid na ceanncheathrún as Ard-Oifig an Phoist. Dá thoradh sin, rinne fórsaí na Breataine Móire a lán damáiste don fhoirgneamh, agus iad á ionsaí. Níor cuireadh caoi cheart ar an bhfoirgneamh arís, sular ghlac rialtas an tSaorstáit leis mar dhualgas, cupla bliain ní ba déanaí. Inniu féin, feictear poill philéar an Éirí Amach ar na colúin.

Ard-Oifig an Phoist inniu.

I ndilchuimhne ar an dóigh ar theip an tÉirí Amach ar na hÉireannaigh, cuireadh dealbh de bhás Chú Chulainn ina seasamh os comhair an fhoirgnimh. Bhí an dealbh seo le feiceáil ar an bpíosa deich scillinge ón mbliain 1966 agus ar "shraith B" den nóta fiche punt.

Sa bhliain 2005, d'fhógair Rialtas na hÉireann go rabhthas leis na seirbhísí poist a bhogadh go dtí áit éigin eile le hArd-Oifig an Phoist a iompú ina hiarsmalann a bheadh tiomnaithe do chuimhneachán Éirí Amach na Cásca.

Bhí colún Nelson ina sheasamh os comhair an fhoirgnimh go dtí an bhliain 1966, nuair a chuir buama de chuid an IRA de dhroim an tsaoil é. Sa bhliain 2000, tógadh an Spuaic ina áit.