Cú Chulainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séadanda, pictiúr le Stephen Reid (1904)

I luathlitríocht na hÉireann, ba é Cú Chulainn (Cú Chulaind nó Cúchulainn) príomhlaoch na nUltach sna laochscéalta Rúraíochta agus an príomhphearsa sa seanscéal Táin Bó Cuailgne. Séadanda (nó Setanta) a bhí mar ainm air ina óige. Ba í Deichtíre (nó Deichtine), deirfiúr Chonchúir mhic Neasa, a mháthair, agus ba é Sualdamh, (fear céile Dheichtine), a athair. I leaganacha áirithe de na scéalta deirtear gurbh é an dia Lugh a athair.[1] Ba é Conall Cearnach a dheartháir altrama, agus bhí Fearghas Mac Róich ar dhuine dá leasaithreacha. Ba é an gaiscíoch ba cháiliúla é ar an gCraobh Rua.[2]

Óige Chú Chulainn[athraigh | edit source]

Oileadh Séadanda i gcúirt Chonchúir in Eamhain Mhacha agus, ina óige dó, thuar an draoi Cathbhadh go mbainfeadh sé cáil amach ach go mbeadh saol gearr aige. Bhain Séadanda cáil amach mar Chú Chulainn tar éis dó cú an ghabha, Culann, a mharú agus gealladh a thabhairt dó go mbeadh sé féin ina chú faire aige nó go mbeadh cú a dhiongbhála oilte aige. Ba é Laogh mac Rianghabhra carbadóir Chú Chulainn, agus ba iad an Liath Macha agus Dubh Saighleann an dá chapall a bhí aige. Bhí sé de cháil air go dtagadh riastradh air le linn catha.[3]

Táin Bó Cuailgne[athraigh | edit source]

Insítear go leor scéalta ar Chú Chulainn, mar a mheall sé Eimhear (nó Emer) mar bhean aige; mar a mharaigh sé an laoch Muimhneach Cú Roí; mar a mharaigh sé a mhac féin Connla; agus mar a bhain sé an curadhmhír amach ag fleá Bhricreann,[4] ach is é an Táin (Táin Bó Cuailgne) an scéal is mó díobh. In aois a sheacht mbliana déag dó chosain sé Cúige Uladh in aghaidh shluaite cheithre chúige na hÉireann faoi cheannas Mhéabha, banríon Chonnacht, le linn Táin Bó Cuailgne, fad a bhí laochra eile na nUltach ar an leaba leis an gCeas Naíon, tinneas a d'fhág tréithlag iad. Ba ar Tháin Bó Cuailgne a throid Cú Chulainn comhrac aonair lena chara Feardia agus a mharaigh sé é. Chosain Cú Chulainn an cúige ar ollshluaite Mhéabha gur éirigh le Conchúr agus laochra na Craoibhe Rua teacht i gcabhair agus arm Mhéabha a ruaigeadh.[5][6]

Bás Chú Chulainn[athraigh | edit source]

Sa scéal Aided Chon Culaind déantar cur síos ar chath deireanach an laoich. I ndíoltas as Táin Bó Cuailgne chuir Méabh triúr mac is triúr iníon Chailitín ag foghlaim draíochta chun Cú Chulainn a mharú, agus ghríosaigh sé mórghaiscígh na tíre chun díoltas a bhaint amach i marú a ndaoine muinteartha i dTáin Bó Cuailgne. Chruinnigh sí ollsluaite cheithre mhórchúige Éireann agus rinne siad ionradh ar Chúige Uladh. Cé gur chomhairligh Conchúr agus uaisle na nUltach do Chú Chulainn fanacht glan ar Chlann Chaitilín go n-ídeodh Cathbhadh a ndraíocht orthu, mealladh Cú Chulainn amach ina aonar in aghaidh na n-ollsluaite agus maraíodh é.[7]

Cú Chulainn mar Laoch[athraigh | edit source]

Tá cosúlachtaí idir Cú Chulainn agus Rostam, laoch mór litríochta na bPeirseach, chomh maith leis an laoch Gréagach Hercules, agus Hildebrand na nGearmánach, rud a thabharfadh le tuiscint go raibh bunús Ind-Eorpach leis an scéal.[8]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. A.G. van Hamel (eag.), Compert Con Culainn and Other Stories, Dublin Institute for Advanced Studies, 1978, lgh 3–8.
  2. Cormac Ó Cadhlaigh, An Rúraíocht, Oifig an tSoláthair, 1956
  3. Cecile O'Rahilly (eag. & aist.), Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster, Dublin Institute for Advanced Studies, 1967, lgh 159–163
  4. Cormac Ó Cadhlaigh, An Rúraíocht, Oifig an tSoláthair, 1956
  5. Cecile O'Rahilly (eag. & aist.), Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster, Dublin Institute for Advanced Studies, 1967
  6. Cecile O'Rahilly (ed. & trans.), Táin Bó Cúailnge Recension 1, Dublin Institute for Advanced Studies, 1976
  7. Whitley Stokes (eag. & aist.), "Cuchulainn's death, abridged from the Book of Leinster", Revue Celtique 3, 1877, lgh 175–185
  8. M. Connell: The Medieval Hero: Christian and Muslim Traditions. Eag. Dr Müller, 2008; lch 227