Eamhain Mhacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eamhain Mhacha

Séadchomhartha ársa Éireannach é Eamhain Mhacha, nó Eṁaın Ṁacha mar a dtugadh air sa tSean-Ghaeilge, atá suite i gContae Ard Mhacha an lae inniu. Suíomh lárnach i sean-stair an oileáin agus miotaseolaíocht na nGael atá ann, agus é ar cheann de na bunáiteanna ba mhó le rá i laethanta réamh-Chríostaí na tíre.

Cé go dtugtar "dúnfort" ar Eamhain Mhacha, meastar inniu gur shuíomh págánach deasghnách a bhí ann.

Príomhchathair Uladh ab ea é, agus luaitear go minic é sa Rúraíocht. Creideadh go raibh sé bunaithe ag an mbandia Macha sa chúigiú nó seachtó aois roimh Chríost, agus go raibh sé mar shuíomh ríoga Chonchobhair mac Nessa i scéalta na Rúraíochta. Deirtear go raibh trí theach aige ag Conchúr in Eamhain Mhacha, mar atá:

  • an Chraobh Rua, áras an rí
  • an Chraobh Dhearg, áit inar bailíodh duaiseanna cogaidh
  • an Thaisce Bhreac, áit inar stóráladh airm na laochra
Radharc eile

Tá baint ag Eamhain Mhacha le cuid de na daoine is cáiliúla i miotaseolaíocht na hÉireann, mar shampla:

Tréigeadh Eamhain Mhacha sa bhliain 331 AD nuair a dódh chun talamh é, de réir Annála na gCeithre Máistrí.