Cú Roí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is rí na Mumhan é Cú Roí (Cú Ruí, Cú Raoi) mac Dáire sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na hÉireann. Is mar laoch a bhfuil cumhachtaí draíochta agus cumas os cionn nádúir dhaonna aige agus mar dhuine atá in ann bréagriochtaí a chur air féin a léirítear é sna scéalta go hiondúil. Is dócha go gciallaíonn a ainm “cú an mhachaire”,[1] nó níos sainiúla “cú na hármhá”.[2] Aistríonn Pokorny an t-ainm (agus síleann sé gurb é Cú Raui leagan níos sine den ainm) mar “brüllender Schlachthund” (.i. árchú ag búiríl), áfach.[3] Is mac le Dáire mac Dedad (nó Dáire Doimthech) é Cú Roí agus dá bhrí sin is ball den Chlanna Dedad é. Cheap T. F. Ó Rathaile nach raibh ach cumadóireacht sa scéal athaireachta seo, ámh, ag maíomh gurb an duine céanna iad Cú Roí agus Dáire ó bhunús.[4]

Fled Bricrenn[athraigh | edit source]

Tá ról tábhachtach ag Cú Roí sa scéal Fled Bricrenn ón ochtú aoise. Spreagann an cladhaire Bricriu na laochra móra Cú Chulainn, Conall Cernach agus Lóegaire Búadach leis an gcuradhmhír a lorg ag féasta, agus is é Cú Roí duine de breithiúnaithe atá ann leis an iomaíocht a mheasúnú. Cosúil leis na breithiúnaithe uilig, roghnaíonn seisean Cú Chulainn, ach níl Conall ná Lóegaire sásta glacadh lena measúnú. Nuair a fhilleas na triúr laochra go hUltaibh, tagann Cú Roí chuig chuile dhuine acu agus é i riocht bodaigh (bachlach) urghránna. Thug sé a ndúshlán a cheann féin a bhaint de, agus ansin ligean dósan iad a dhícheannadh. Níl duine díobh siúd ach Cú Chulainn sách cróga agus miadhach lena cheann féin a chur faoi thua an bhodaigh, agus is ar an ábhar sin a fhógraítear é mar churadh. Tá baint ag an scéal seo le móitíf an “chluiche dhícheannaigh” atá le fáil ina lán saothar eile níos deireanaí. Is é an dán Sasanach ón 14ú aois darb ainm “Sior Gawain agus an Cniocht Glas” (Sir Gawain and the Green Knight) an ceann ar a bhfuil an-chlú agus cáil.

Cathair Conraoi[athraigh | edit source]

Is seanfhothrach ón Iarannaois é Cathair Conraoi ar Shliabh Mis, ar an leithinis Daingean Uí Chúis, i gContae Chiarraí. Faightear ainm Chon Roí sa gcathair seo.

Cú Roí i litríocht na Breataine Bige[athraigh | edit source]

Tá ainm Chon Roí in dá shaothar de chuid litríocht Bhreatnaise na meánaoise freisin. I dtosach báire, feictear an t-ainm sa bhfoirm thruaillithe, .i. Cubert m. Daere sa scéal Meán-Bhreatnaise Culhwch ac Olwen, in éindí le hainmneacha carachtar eile ón Rúraíocht – Conchobor, Fergus, Conall Cernach agus Lóegaire Búadach. Is mar ghrúpa amháin i liosta fada d’ainmneacha laochra de chuid Rí Artúr, a gceanglaíonn Culhwch air féin nuair a iarras sé teacht isteach i gcúirt Rí Artúr.[5] Sa dara cás, caomhnaítear marbhna (marwnat) le haghaidh Corroi/Corroy m[ab] Dayry i Leabhar Taliesin. Maille le hainm Chon Roí, luaitear an iomarbhá idir é féin agus “Cocholyn” (.i. Cú Chulainn).[6]

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Sir John Rhys, Celtic Britain. 3d ed. London, 1904. lch. 286; féach freisin T.F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Dublin, 1946. p. 6.
  2. Kuno Meyer, "Brinna Ferchertne." ZCP 3 (1901). 40-46: 41 n. 4; Kershaw, The One-Eyed God. JIES 36. lch. 159.
  3. Julius Pokorny, " Geographie Irlands bei Ptolemaois." ZCP 24 (1954). 114-115.
  4. O'Rahilly, lch. 49
  5. […] a Chnychwr mab Nes a Chubert m. Daere, a Fercos m. Poch, a Lluber Beuthach, a Chonul Bernach. (eag. Bromwich agus Evans, lch. 7, línte 178-80). Féach freisin P. Sims-Williams, "The significance of the Irish personal names." lch. 608, mar a n-áitíonn sé gurbh é meascán le Cwbert na Meán-Bhreatnaise / Cubert na Sean-Bhreatnaise (foirm den ainm Sean-Bhéarla Cuthbert) ba chúis le truailliú an nodaire sa gcás áirithe seo.
  6. Leabhar Taliesin XLII. "The Death-song of Corroi, Son of Dayry".

Bunfhoinsí[athraigh | edit source]

  • Amra Con Roí
    • Henry, P.L. (eag. agus aisrt.). "Amra Con Roi (ACR): discussion, edition, translation." Études Celtiques 31 (1995): 179-94: 186-94.
    • Stokes, Whitley. "The Eulogy of Cúrói (Amra Chonroí)." Ériu 2 (1905): 1-4.
  • Táin bó Cúailnge (Athleagan I), eag. agus aistr. Cecily O'Rahilly, Táin Bó Cúalnge Recension 1. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1976. Téacs agus aistriúchán Béarla ar fáil ó CELT.
  • Táin bó Cúailnge (Athleagan II, Leabhar Laighneach), eag. agus aistr. Cecily O'Rahilly, Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967 (athchló: 1970). Téacs agus aistriúchán Béarla ar fáil ó CELT.
  • Culhwch ac Olwen, eag. Rachel Bromwich agus D. Simon Evans, Culhwch and Olwen: An Edition and Study of the Oldest Arthurian Tale. Gwasg Prifysgol Cymru, 1992. ISBN 0-7083-1127-X.